‘Is baolach go raibh trioblóid agus clampar i ndán dom ó thus m’óige,’ a deir an t-údar i dtús an leabhair seo. Oifigeach faisnéise de chuid an Choileánaigh ab ea Séamas Ó Maoileoin (1893-1959). Tugann teideal na gcaibidlí leid dúinn i dtaobh na gcuimhní cinn corraitheacha seo, ‘Laethanta m’Óige’, ‘Teacht na nGunnaí’, ‘Ag Ullmhú don Éirí Amach’, ‘Spiairí Oirthear Luimnigh’ agus mar sin de.