Oiread is fad méire dá bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist ag Joe Steve Ó Neachtain a lua sa leabhar seo Mar a bhí ar dTús ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh sé mar chomharsa béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop é, scéal Phádraic Chóil go háirithe. Ach mar a dúirt sé féin, “ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil mé páirteach sa scéal. Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach as a mbéal.”
Mar a bhí ar dTús
€15.00
Stoc ar fáil