Beatha Pheig Sayers

15.00

Stoc ar fáil

Clúdach bog

Foilsíodh an chéad eagrán den leabhar dírbheathaisnéise Beatha Pheig Sayers sa bhliain 1970 cé gur sna daichidí den 20ú haois a bhreac mac Pheig Sayers, an file, Mícheál Ó Gaoithín, síos ar dtúis é óna mháthair.  Forlíonadh leis an leabhar Peig: A Scéal Féin (1936) atá san Beatha ina gcuirtear síos ar chúrsaí Pheig, an scéalaí iontach, ó dheireadh na tréimhse a chaith sí ina cailín aimsire tamall siar ó Dhaingean Uí Chúise go hInid na bliana 1892 nuair a phós sí isteach san Oileán Tiar in iarthar Chorca Dhuibhne.  Cé gur cleamhnas a bhí idir Pheig agus an t-oileánach, Pádraig Ó Gaoithín, cuireann an Bheatha sios ar an ngrá a thug sí dó tamall maith roimh phósadh dóibh.  Tá eolas tábhachtach sa leabhar seo chomh maith ar mhuintir agus ar chomharsain Pheig i mbaile Bhiocáire i nDún Chaoin agus ar shaol na ngnáthdhaoine agus dearcadh mná géarchúisí air in iarthar Chiarraí i ndeireadh na naoú haoise déag agus an t-iomlán scríofa i nGaeilge atá cruinn, líofa, simplí.

Mícheál Ó Gaoithín a scríobh síos

An chéad chló 2019   © Liam P. Ó Murchú    © Áine Ní Chíobháin | ISBN 9781911330134

Meáchan 275 g
Toisí 14.6 × 21 × 1 cm