Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 2001 Tá an leabhar seo ar fáil i bhFraincís anois. Foilsithe ag Terre de Brume. Cliceáil anseo le cóip a cheannacht. Tá sé ar bhuanna móra an leabhair seo go gcuireann muid aithne mhaith ar an scéalaí ar dhóigh nach dtarlaíonn i leabhar ar bith béaloidis atá ar m’eolas. – Lá Foilseachán ar leith atá i Stairsheanchas Mhicil Chonraí. Cuntas saoil ina urlabhra féin ó dhuine de ghlúin bhunaithe Ghaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí is bunús leis an leabhar seo. In éindí leis an tráchtaireacht chumasach ar an ábhar dírbheathaisnéise, sníomhtar tuairisc dhaonna ghéarchúiseach ar ghnéithe den stair shóisialta a bhaineann le Conamara agus Ráth Chairn. Tugann an tráchtaireacht aghaidh chomh maith ar an saol oibre a chaith sé, ar a thréimhse san Arm le linn an dara Cogadh Domhanda. Eagarthóireacht thuisceanach a cuireadh i bhfeidhm ar an mbunchuntas béil ar mhaithe le canúint an reacaire a thabhairt chun solais sa téacs. This book is now available in French, published by Terre de Brume. Click here for more information or to purchase a copy.
Stairsheanchas Mhicil Chonraí: Ón Máimín go Ráth Chairn
€15.00
Stoc ar fáil