Cén bhrí atá leis an amhránaíocht? Féachtar leis an cheist sin a fhreagairt i leabhar nua Lillis Uí Laoire, On a Rock in the Middle of the Ocean, a chíorann traidisiún amhránaíochta Oileán Thoraí i gContae Dhún na nGall.
Is oileán beag é Toraigh, trí mhíle ar a fhad le daonra lánaimseartha de 165 duine, ach in ainneoin sin tá traidisiún amhránaíochta an-láidir ag an oileán, a théann siar 200 bliain agus tá na hamhráin agus an amhránaíocht fós ina gcuid lárnach de chultúr an oileáin inniu. Chuir Lillis Ó Laoire suim i gcultúr Thoraí i gcéaduair nuair a bhí sé an-óg agus is nádúrtha, mar sin, gur ar Thoraigh a dhírigh sé a aird don taighde seo. Sa leabhar On a Rock in the Middle of the Ocean déanann sé scagadh ar na hócáidí ag a mbíonn daoine ag casadh amhrán agus cíortar tábhacht na n-ócáidí sin agus an tábhacht a bhaineann le rogha na n-amhrán agus na n-amhránaithe. Déantar tagairt sa leabhar d’oícheanta áirithe nuair a casadh amhráin faoi leith agus pléitear tábhacht agus ábharthacht na n-amhrán do phobal an oileáin. Mínítear sealbhú agus seachadadh na n-amhrán, agus na critéir a húsáidtear le measúnú a dhéanamh ar amhránaí. Déantar plé, leis, ar an úsáid a bhaintear as na hamhráin le teannas agus fadhbanna i measc an phobail a réiteach agus mar a gcuidíonn siad le sealbhú agus le buanú chultúr an oileáin. Tá dlúthdhiosca istigh leis an leabhar agus tá focail na n-amhrán, léarscáileanna agus go leor grianghraf le fáil ann, leis.