Iriseoir, léachtóir, staraí, díograiseoir — is iomaí focal a d’fhéadfaí a úsáid le cur síos a dhéanamh ar Nollaig Ó Gadhra. Is beag gné den saol nár chuir sé suim ann agus bhí sé de cháil air go raibh teagmháil aige le daoine i ngar agus i gcéin.
Tá cuid de na daoine seo, chomh maith le cairde agus gaolta, ag roinnt a gcuid cuimhní ar Nollaig linn sa leabhar seo. Ní iarracht ar bheathaisnéis atá ann ach blaiseadh de na rudaí ar fad ar chuir sé suim iontu. Tá idir dhiúltach agus dearfach ann agus léargas ar a ildánacht.
Nollaig Ó Gadhra
Stairí, iriseoir, múinteoir, údar … fear ildánach ab ea Nollaig Ó Gadhra a rugadh i gContae Luimnigh ach a chaith an chuid is mó dá shaol ag cur faoi i nGaeltacht na Gaillimhe. Chaith sé sealanna ag obair le RTÉ, an nuachtán Inniu, Fáilte an Iarthair agus Gaeltarra Éireann sula ndeachaigh sé ag obair mar léachtóir i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.
I measc na saothair óna láimh bhí beathaisnéisí ar Mahatma Gandhi, Éamonn Iognáid Rís, John Boyle O’Reilly, agus Richard J. Daley. Bhí suim ar leith aige leis an stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin agus scríobh sé leithéid Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin. Foilsíodh iliomad alt, léacht agus paimphléad leis i rith a shaoil freisin.
Díograiseoir a bhí ann freisin i leith na Gaeilge agus athbheochan na teanga agus chaith sé seal mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Chaith sé go leor dá shaol ag strachailt le tinneas agus bhásaigh sé go tobann agus go hóg i mí Lúnasa 2008. Maireann a bhean agus triúr clainne.
Máirín Ní Ghadhra
As na Forbacha i gContae na Gaillimhe do Mháirín Ní Ghadhra. Is iníon í le Nollaig Ó Gadhra. Iriseoir í le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sí ina cónaí ar an gCeathrú Rua lena fear agus beirt iníonacha.





