Margadh!

Leabhar Nua na nAmhrán

6.00

[flipbook-popup id="leabhar_nua_na_namhrán"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Is comórtas tábhachtach do chumadóirí amhrán é Comórtas Cuimhneachán Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas chuile bhliain. Comórtas d’amhráin nuachumtha le fonn traidisiúnta e, agus é mar aidhm aige amhránaíocht agus cumadóireacht den chineál seo a chothú trí amhráin nua a chur ar fáil go rialta. 

Suas le céad amhrán atá sa gcnuasach seo, amhráin de chuid na glúine seo a cumadh ó cheann ceann na tíre, go h-áirithe sna Gaeltachtaí, le scór bliain anuas nó mar sin. Is fíorbheagán acu atá i gcló in aon leabhar cheana ná atá taifeadta ar aon dlúthcheirnín. Aidhm an chnuasaigh ná léitheoirí a chur á léamh den chéad uair, foghlaimeoirí a chur á bhfoghlaim agus, níos tábhachtaí fós, amhránaithe a chur á gcanadh is á dtaifeadadh óir is maith is fiú sin mar gheall ar a bhfiúntas, a saibhreas is a gcaighdeán ard cumadóireachta is ceardaíochta. 

Na Cumadóirí 

Ray Mac Mánuis Aodh Ó Domhnaill Antaine Ó Faracháin Fearghas Mac Lochlainn Joe Ó Dónaill Louis Mulcahy Máirín Uí Dhomhnaill Micheál Ó Domhnaill  Máirín Mac Donnchadha Seán Ó Muimhneacháin Seosamh Mac Donnacha Traolach Ó Conghaile Seán Ó Gráinne Seán Mac Eochagáin Seán de Búrca Fiontán Ó Meachair Pádraic Breathnach Séamus Ó Fianghusa Feargal Ó Béarra 

Meáchan 250 g

Suas le céad amhrán atá sa chnuasach seo, amhráin de chuid na glúine seo a cumadh ó cheann ceann na tíre, go háirithe sna Gaeltachtaí, le scór bliain anuas nó mar sin.

Is fiorbheagán acu atá i gcló in aon leabhar cheana ná atá taifeadta ar aon dlúthcheirnín.

Aidhm an chnuasaigh ná léitheoirí a chur á léamh den chéad uair, foghlaimeoirí a chur á bhfoghlaim agus, níos tábhachtaí fós, amhránaithe a chur á gcanadh is á dtaifeadadh óir is maith is fiú sin mar gheall ar a bhfiúntas, a saibhreas agus a gcaighdeán ard cumadóireachta.

Tá liosta mór d’amhránaithe a bhfuil saothar leo sa leabhar, ina measc Ray Mac Manuis, Aodh Ó Domhnaill, Antaine Ó Faracháin agus Louis Mulcahy.
Leabhar na Seachtaine, Seachtain, 22 Samhain, 2017. Alt le Méabh Ní Thuathaláin.