Margadh!

I mBéal na Farraige

4.75

Stoc ar fáil

Bailiúchán gleoite de scéalta agus de sheanchas faoi chúrsaí feamainne ó bhéal na ndaoine. – The Irish Times Más fearr pictiúr ná míle focal – agus focal ná míle pictiúr – seo leabhar a léifidh muintir na Gaeltachta le fonn is le fiosracht, agus is teist mhaith atá ansin ar leabhar Gaeilge ar bith. – Foinse Chuir Heinrich Becker (1907-2000) spéis i dtraidisiún béil na hÉireann, agus i 1938 thug sé a aghaidh ar Éirinn le tabhairt faoi staidéar ar an nGaeilge agus ar bhéaloideas na nGael. Chaith sé blianta fada ar thrí oileán Árann agus i gConamara, ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus ag bailiú béaloidis ó na daoine. Is éard atá sa leabhar seo cuid de na scéalta a thosaigh sé ag bailiú beagnach seasca bliain ó shin faoi chúrsaí feamainne, faoin bhfarraige agus gach ar bhain léi agus roinnt dá shárshaothar péintéireachta agus grianghrafadóireachta de mhuintir an Iarthair sna 1930í agus sna 1940í agus dá saol corrach i mbéal na farraige.

Meáchan 250 g

Seans gur spéis leat...