Éirí Amach 1798 in Éirinn

8.00

Stoc ar fáil

Is éard atá sa bhailiúchán nua seo sraith léachtaí a craoladh ar Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1998 agus í i bhfoirm leabhair. Éirí amach cáiliúil 1798 atá idir chamáin ag na húdair seo ar scoláirí agus staraithe aitheanta gach aon duine acu: Mícheál Mac Craith: Foinsí an radacachais in Éirinn Breandán Ó Buachalla: An cúlra idé-eolaíoch Thomas Bartlett: Éire agus an Fhrainc sna 1790í Niall Ó Cíosáin: Cumainn rúnda agus seicteachas Dáire Keogh: ‘Bithiúnaigh iad uilig’: sagairt agus easpaig i 1798 Brian Ó Cléirigh: 1798 i Loch Garman Nollaig Ó Gadhra: 1798 i gcúige Uladh Síle Uí Mhaoluaidh: 1798 i gConnachta Liam de Paor: Oidhreacht 1798 Ríonach Uí Ógáin: Béaloideas 1798 thiar Gearóid Ó Tuathaigh: Cuimhneacháin agus cuimhní cinn

Mar chuid de shraith léachtaí Raidió na Gaeltachta craoladh clár raidió faoi oidhreacht cheoil agus amhránaíochta 1798, arna chur i láthair ag Máirtín Ó Fátharta. Tá an clár breá raidió sin i riocht dlúthdhiosca anseo agusé iniata leis an mbailiúchán. Coinníonn na Chieftains, Aisling agus Luisne Ní Neachtain, Róisín Nic Dhonncha, Áine Ní Cheallaigh, Peadar Ó Ceannabháin agus a gcairde ceol binn linn a ardóidh croí an lucht éisteachta.

 

Meáchan 250 g