Ar thóir gramadach nua

Leabhar dátheangach a thugann dúshlán na gramadaí reatha.

12.00

Stoc ar fáil

Saothar dátheangach. Tá léargais ó thaighde na n-eolaíochtaí á gcur i gcion ar an nGaeilge sa saothar nua dátheangach seo a spreagfaidh díospóireacht agus conspóid i hallaí beannaithe choimeádaithe na Gaeilge. Údar aitheanta ar cheisteanna teanga is ea Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chaith blianta fada i mbun aistriúcháin sa Bhruiséil.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

68

Máirín Ní Mhárta – Foinse, 6 Meitheamh 2006

Molann leabhar conspóideach nua le saineolaí teanga go ndéanfaí simpliú ar ghramadach na Gaeilge agus “athbhreithniú iomlán ar fhoclóireacht uile na hÉireann”. Muna ndéanfar seo ní bheidh fágtha sa Ghaeilge ach “creatlach de theanga” a mhaíonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc ina leabhar nua. Seo leabhar Ar Thóir Gramadach Nua maíotar go bhfuil “a rás rite” ag an “tseantheanga” mar theanga infhoghlamtha agus inteagaisc agus inúsáidte s a chomhthéacs nua-aoise.” Deir Ó Ruairc go bhfuil “lucht na Gaeilge faoi dhraíocht ag an éiginnteacht” agus gur “ar éigean” atá aon ghné de ghramadach na Gaeilge nach bhfuil doiléir, éiginnte sa chiall is measa”. Dar le Ó Ruairc, tá rogha cinniúnach le déanamh ag pobal na Gaeilge, cloí leis an “teanga amscaí éiginnte” nó “teanga shimplithe oiriúnaithe a oibriú amach”. Tá sé den tuairim ma chloítear leis an tseanteanga nach mbeidh fágtha sa Ghaeilge amach anseo ach “creatlach de theanga”.