An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000

15.00

Stoc ar fáil

Súil nua ar bhrí an fhocail ‘béaloideas’ atá sa leabhar seo atá scríofa ag Stiofán Ó Cadhla, Léachtóir Sinsearach le Béaloideas i Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Díríonn an t-údar ar ‘na healaíona dúchasacha’ mar a thugann sé orthu déanann sé mionscrúdú ar a stair, a bhfeidhmeanna, agus a ról leanúnach in Éirinn san aonú hois is fiche. Bronnadh an chéad duais i gcatagóir an phróis i gcomórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge ar an leabhar seo sa bhliain 2010.

Meáchan 250 g

Is maith le lucht léinn catagóirí. Cuidíonn catagóirí le scoláirí staidéar a dhéanamh ar ghnéithe áirithe dá réimse acadúil trí theorainneacha a tharraingt a dhealaíonn cineál amháin ábhair ó chineál eile. Cuireann a leithéid de theorainneacha aonaid níos soláimhsithe ar fáil dóibh le scrúdú a dhéanamh orthu. Ní gá ach smaoineamh, mar shampla, ar an scoilte a rinne clann Ghrimm idir Marchen agus Sage, folktale nó fairytale an Bhéarla agus legend – ‘seanscéal’ agus ‘finscéal’ i nuathéarmaíocht na Gaeilge. Tagraíonn an Cadhlach féin don mhéid seo (28) agus déanann machnamh mionchúiseach ar an fhocal ‘seanchas’ i gCaibidil 7 den leabhar seo. Cuireann téarmaí an Bhéarla mearbhall ar dhaoine i gcónaí. Ceaptar go minic gur le seánra an fairytale a bhaineann scéalta faoin slua sí, cuirim i gcás, nuair is córa fairy legend a ghairm dóibh de bharr na gcomharthaí sóirt a bhíonn acu. I mo chuid ranganna féin le mic léinn, idir fhochéimithe agus iarchéimithe, bím ar mo dhícheall ag plé ceist na téarmaíochta agus téann díom níos minice ná mar ba mhaith liom an difríocht sa téarmaíocht a mhíniú go sásúil. D’ainneoin gur i nGaeilge a bhíonn an teagasc, bíonn ar mhic-léinn go leor den ábhar tagartha a léamh i mBéarla agus ní haon iontas é mar sin go gcuirfeadh seachrán na téarmaíochta as dóibh.

Bhí tráth ann go deimhin nuair nár thuig mé féin an difríocht ró-mhaith. Thug mé pápéar faoi scéal áirithe atá in innéacs ATU faoin uimhir 1353 sa bhliain 1991 ag comhdháil idirnáisiúnta a bhain le finscéalta i nGaillimh. Thosaigh díospóireacht láithreach i ndiaidh dom mo chuid cainte a dhéanamh, cuid de na scoláirí go teasaí ag cur i gcoinne m’áitithe gur finscéal (legend) a bhí i gceist leis an staróg áirithe seo, nuair a bhí sé rangaithe mar sheanscéal (folktale) in innéacs Aarne Thompson agus go deimhin ag Seán Ó Súilleabháin in Types of the Irish Folktale. Níor thuig mé féin ábhar na conspóide go ró-mhaith ag an am. Ba lú ná sin a chuir sé isteach orm agus mé ag iarraidh cuntas a thabhairt ar chorradh is 50 leagan den scéal seo ó cheantair ar fud na hÉireann i nGaeilge agus i mBéarla taobh istigh den leathuair a chloige a bhí dlite dom. Mar sin, baineann deacracht le rangú den sórt eso sa mhéid is nach bhfuil ach rangú garbh agus go mbíonn trasnaíl i gceist i gcónaí idir na catagóirí a leagann scoláirí síos eatarthu féin, ar áis anailíse.

Ar bhealach, díríonn mo scéal faoi m’aineolas féin i leith na gcatagóirí seo sa léanna aird ar cheann de na téamaí atá á bplé ag Stiofán Ó Cadhla. Aon aiste dhéag atá aige sa leabhar. Scrúdaíonn siad cásanan faoi leith a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla de Léann an Bhéaloidis chun léargas a thabhairt ar an léánn sin ann féin. Is aistí neamhspleácha iad ar foilsíodh leaganacha de chuid díobh roimhe seo. Cé go seasann siad mar aistí iontu fein, tá snáithe aontachta ina rith tríothu go léir, rud a fhágann og luíonn siad go maith le chéile fosta faoi chlúdach an aonleabhair seo. Measaim go bhféadfadh eagarthóireacht na bhfoilsitheoirí a bheith eagarthóireacht na bhfoilsitheoirí a bheith beagán beag níos déine mar sin féin, ionas go nglanfaí corrphaiste beag den athrá thall agus abhus tríothu.

Is é is cuspóirt don Chadhlach sa chnuasach bhreá seo coincheapa an léinn a cheistiú ó bhonn. Dar leis go bhfuil gá leis an cheistiú seo faoi láthair mar gheall ar a righne dholúbtha is atá cuid de na coincheapa agus na frámaí tagartha a úsáidtear chun cur chuige léinn i leith an bhéaloidis a sholáthar. Mar sin, is iarracht díchonstráidithe iad na haistí seo agus cuireann siad lón machnaimh ar fáil d’aon duine a mbeadh plé aige le ceisteanna béaloidis nó le léann na Gaeilge ach oiread leo. Ní miste a rá go bhfuil dúshlán mór intleachtúil sna hargóintí a dhéanann Ó Cadhla sna haistí. Is é freagra a thugann an t-údar ar a cheist féin, ceann a chuireann mic léinn go minic air, ‘Céard go díreach atá i gceist le Béaloideas?’ (19) ‘ná gur eolas atá ann. Is eolas é a thaispeánann é féin i gcaint, in iompar agus i ndéantúsáin uile an duine. Ba mhaol an té a chuirfeadh aon chlaí teorann leis an ábhar’ (23). Sin bun agus barr na hargóna a chuireann faobhar agus gearradh faoin leabhar seo. Ceistíonn Ó Cadhla an ‘dioscúrsa’ ó bhonn. Is é brí a thugann sé le dioscúrsa: ‘ríocht thagrach an eolais dúchais, an domhan a cheanglaíonn an cultúr agus an pobal le chéile’ (77).

Dar leis an Chadhlach gur imir treochtaí áirithe cultúrtha a dtionchar féin ar an ‘riocht thagrach’ seo, ina measc tuiscintí na himpireachta ar an dúchas, an t-athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla sa tír i gcoitinne, cíocras na measúlachta a d’eascair as ré Victoria, an rómánsachas, an creideamh, an náisiúnachas agus Athbheochan na Gaeilge sa naoú haois déag féin (11). Cíorann sé na bealaí éagsúla ar chuir na tionchair seo cló faoi léith ar thuiscintí scoláirí agus an ghnáthphobail ar an rud is Béaloideas ann. As sin, trí mhodh an cheistithe, déanann sé iarracht ar léargais eile a chur ar fáil a tharraingeodh le chéile snáithí cultúir a mheastar a bheith scartha óna chéile. Ní go rómhinic a chuirfí cuntas ar amhranaíocht chomhaimseartha Chonamara agus iarrachtaí Johnny Rotten (ris a ráitear John Lydon) i leith na healaíne le chéile, cuirim i gcás, ach dar liom gur cuí an chomparáid a dhéanamh (244).

Cé go bhfuil blas deisceartach agus go deimhin oirdheisceartach ar go leor de na samplaí atá aige, ní nach iontach, i bhfianaise a dhúchais Dhéisigh féin, tá roinnt mhaith samplaí ag Ó Cadhla as ceantair eile chomh maith. Aistí faoi charactair mhóra i scéal an dúchais agus scéal na Gaeilge go háirithe atá i gcúig cinn dá chuid píosaí anseo. Tráchtann sé ar Sheán Ó Donnabháin (Caibidil 3), ar Sheán Ó Ríordáin (Caibidil 4), ar Phádraig Ó Miléadha (Caibidil 6) agus ar John Beag Ó Flaithearta (Caibidil 11). Úsáidtear an fócas ar na carachtair seo le ceisteanna eile a dhúiseacht, mar shampla faoi chur chuige na heitneagrafaíochta, faoi cheist an ghrinn thalmhaí agus na háiféise tíriúla, faoin deacracht a bhaineann le rangú a dhéanamh ar phearsana ildánacha, ilghníomhacha agus ar a saothar agus faoi cheist na hibideachta agus mheascadh na gcultúr i gcás an cheathrair seo.

Ar a shon is gur fir iad seo, ní fhágtar ceist na hinscne ar lár. Tá plé thar a bheith mionstuama aige faoi chaidream an bhailitheora fir agus an tseanchaí mná le chéile i gcaibidil a 9, “Dochtúirí, Sagairt agus Bean” (176-198). I réamhrá na haiste seo, tá miondealú grinn ar cheist na mban sa chultúr dú¸hais, ar fiú d’aoin duine ar spéis leis an t-ábhar seo a léamh go cúramach. Pléann an aiste seo scéal a bailíodh ó údar seanchais, Nóra nó Nanó Ní Chinnéide ó Rinn Ó gCuanach (1859-1947). Cé nach bhfuil cáil fhorleathan uirthi mar sheanchaí, rianaítear an cúnamh a thug an banscéalaí seo do bhailitheoirí éagsúla, mar léiriú ar a feabhas mar inseoir dúchais. Ba é an Canónach Pádraig ó Síocháin a bhailigh an scéal uaithi, scéal faoi bhean a ndearnadh leatrom uirthi de dhíobháil foirneart fear, agus mar a d’éirigh léi a ceart féin a bhaint amach arís. Is leagan é den seanscéal idirnáisiúnta ATU706, agus tugtar téacs an scéil ina iomláine. Cuireann Ó Cadhla an scéal féin i gcomhthéacs, á mheabhrú dúinn gur bean a d’inis an scéal d’fhear agus gur fear (an t-údar féin) a dhéanann léamh air. I ndeireadh na dála dar leis go n-éiríonn le Ní Chinnéide (198):

‘an t-achar idir an taithí agus an insint, idir an fhaoistín agus an pobal idir an fear agus an bhean a thabhairt isteach. Éiríonn léi an rud doráite a rá, tost a ghléasadh le greas seanchais, le gréasa urlabhra, le healaín an dúchais.’

Tá an aiste seo, dar liom, ar cheann díobh sin is tábhachtaí sa leabhar de bharr an léirmhínithe mháistriúil a dhéantar ar an scéal ina chomthéacs féin, rud a chuireann san áireamh na tuiscintí soch-chultúrtha a bhaineann le cúrsaí inscne, insinte agus leis an scéalaíocht féin. Léitheoireacht riachtanach é seo do dhuine ar bith a mhúineann topaicí dá shórt ina gcúrsaí ar litíocht, ar chultúr agus ar bhéaloideas.

Tá an lón ceanann céanna le fáil i gcuid mhaith de na haistí eile. Thaitin an aiste ar ‘Aonach agus Féile i saol na ndaoine” (Caibidil 5) liom, agus an léirmhíniú caolchúiseach a dhéantar ar phatrúin, ar aontaí agus ar an chultúr a bhaineann leo. Déantar léámh tuisceanach ar cheist na faicseanaíochta fosta, rud a thugann dúshlán na dtuairimí atá nochta ag roinnt mhaith de na tráchtairí Béarla ar an ábhar seo. Níl a fhios agam an dtagaim go hiomlán lena argóint sa chás seo, ach is cuma sin.

Is é an t-áitiú dúshlánach, spreagúil agus an t-ábhar á mheáchan go mín, machnamhach aige, ag cur i gcoinne na hortacdocsachta i gcúrsaí léinn dó, an luach is tábhachtaí a bhaineann lena dhearcadh. Díol spéis é caibidil a 10 fosta ina bpléitear an bhaint idir an teicneolaíocht agus an Béaloideas. Díríonn an píosa seo aird ar an pharadacsa go bhfeictear teicneolaíocht na nua-aoise mar namhaid ag an dúchas go minic, nuair is é an nuáil chéanna a chuir go leor de ar shlí a shábhála. Cuireann an nua-theicneolaíocht oiread deiseanna ar fáil don dúchas agus a chealaíonn sí. Tá nasc idir an aiste seo agus an íomhá atá ar chlúdach an leabhair – pictiúr a chuireann an nua-theicneolaíocht i gceartlár an aonaigh agus an t-ábhar seo á phlé.

Tá cíoradh chomh bríomhar céanna aige ar cheist na scéalaíochta in ‘Scéal Úr, Seanscéal agus Finscéal” (Caibidil 8). Is anseo a spíontar téarmaíocht agus seánraí, ag cur tuiscintí an dúchais agus tuiscintí na scoláirí agus a gcuid téarmaíochta i gcomparáid le chéile. Cuireann Ó Cadhla go láidir i gcoinne aon dearcadh a mhaífeadh gur leis an aimsir chaite amháin a bhaineann an scéalaíocht agus léiríonn le samplaí iomadúla spéisiúla comhaimseartha go bhfuil an ceart aige san argóint a dhéanann sé. Baineann cuid de na scéalta le hailt a foilsíodh i nuachtáin áitiúla i mBéarla. Ar a shon sin, nochtann an Cadhlach cuise an dúchais ag preabarnaigh go beo breabhsánta sna téamaí agus sna bealaí ina láimsítear iad sa dioscúrsa comhaimseartha. Seo téama a ritheann trí∂ an leabhar go léir – an leanúnachas le tabhairt faoi deara sa dúchas ach a ndéantar neamhsuim de go minic mar go mbíonn ár gcatagóirí scolártha ag brath rómhór ar an am atá caite agus ar thuiscintí atá as dáta. Cuireann Ó Cadhla teachtaireacht abhaile go breá soiléir sa chás seo dar liom.

Téama eile a ritheann tríd an leabhar é ceannas an Bhéarla i ndioscúrsa cultúrtha na tíre seo, ceannas a chuireann a bhfuil le rá inGaeilge faoi GHaeilge agus faoin dúchas ar fad ina thost go minic. Cloch mhíle an leabhar seo i leathnú agus i bhforbairt dhioscúrsa na Gaeilge, ceann de na leabhair sin a mbainfear leas as go ceann i bhfad ar chúrsaí éagsúla ollscoile agus a imreoidh ar na healaíona dúchais. Má deirim gurb é an trua nár cuireadh innéacs leis, ní ag baint ó ardchaighdeán an tsaothair trí chéile atá mé. D’ainneoin an easnaimh sin is é mo thuairim heáilte gur leabhar fíorthábhachtach an saothar seo ó pheann Stiofáin Uí Chadhla. Ceann de bhuanna móra an leabhair é an méid tagairtí a dhéantar don scoláireacht chomhaimseartha i léann an Bhéaloidis as tíortha eile, go háirithe as na Stáit Aontaithe. Tá comaoin curtha aige ar léánn an Bhéaloidis agus ar léann cultúrtha comhaimseartha na Gaeilge araon a mbeidh a thoradh le feiceáil sa taighde a dhéanfar faoina scáth as seo amach .
Léirmheas le Lillis Ó Laoire, Iris Comhar, Márta 2013
An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000
Stiofán Ó Cadhla