Níl aon amhras ach go bhfuil Pádraic Mac Piarais ar dhuine de mhórphearsana stair na hÉireann. Ach cérbh é? Mar is iomaí léargas ar an bPiarsach atá curtha os ár gcomhair sna céad bliain ó bhásaigh sé.
Tá an t-iriseoir agus an t-eagarthóir nuachtáin ann; tá an t-idéalaí agus an Conraitheoir dílis; an t-oideachasóir agus an máistir scoile; an gearrscéalaí, an file agus an drámadóir; an t-agóidí, an tÓglach, an réabhlóidí, an ceannaire míleata agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. Agus, ar deireadh, tá an laoch, an naomh, an mairtíreach glórmhar. Agus ar an láimh eile, tá an fear a bhí róthugtha don rómánsachas i ngach gné den saol, fear a shamhlaigh é féin mar shlánaitheoir na nGael, a bhí an-tógtha leis an bhféiníobairt agus le doirteadh fola.
Mar chuid den chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca, is mithid súil a chaitheamh an athuair ar an bhfear casta ilghnéitheach seo. Sa leabhar seo, bunaithe ar léachtaí a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tugann dháréag scoláirí aghaidh ar ghnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus de smaointeoireacht Phádraic Mhic Phiarais, ag súil le solas nua a chaitheamh ar an bpearsa seo a mairimid fós faoina scáth.
Na hÚdair: Róisín Ní Ghairbhí, Regina Uí Chollatáin, Alan Titley, Gearóid Denvir, Ciarán Ó Coigligh, Fionntán de Brún, Caitríona Ó Torna, Seosamh Ó Cuaig, Úna Ní Bhroiméil, Mary N. Harris, J.J. Lee, Gearóid Ó Tuathaigh.
CLÁR
- Cúlra agus óige an Phiarsaigh: teaghlach, scolaíocht/oideachas, teacht in inmhe. (Róisín Ní Ghairbhí)
- An Piarsach agus iriseoireacht na Gaeilge (Regina Uí Chollatáin)
- An Piarsach agus an díospóireacht faoi nua-litríocht na Gaeilge (Alan Titley )
- Saothar liteartha: scríbinní an Phiarsaigh (Gearóid Denvir )
- An Piarsach mar oideachasóir: fealsúnacht, teoiric agus tuiscint (Ciarán Ó Coigligh)
- An Piarsach agus Scoil Éanna : oideachasóir agus ídé-eolaí i mbun scoile. (Fiontán de Brún))
- An Piarsach agus an Ghaeltacht : coincheapú agus bearta praiticiúla (Caitríona Ó Torna)
- An Piarsach agus Ros Muc (Seosamh Ó Cuaig)
- An Piarsach agus a chuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá (Úna Ní Bhroiméil)
- Smaointeoireacht an Phiarsaigh ar an náisiúnachas agus ar an bpolaitíocht, anuas go dtí 1913 (Máire Harris)
- I dtreo an mhílteatachais agus na Poblachta: an Piarsach agus an pholaitíocht, 1913-1916 (J.J. Lee)
- Cáil an Phiarsaigh i ndiaidh a bháis: beathaisnéisí agus breithiúnais (Gearóid Ó Tuathaigh)