An caoine agus an chaointeoireacht

Athléamh ó bhonn ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire atá sa leabhar seo.

11.40

Stoc ar fáil

Athléamh ó bhonn déanta ag an mBuachallach ar an gcaoineadh sa leabhar seo. Léiríonn an t-údar na grinneas criticiúil agus an neamhspleáchas aigne is dual dó i gcónaí. Bhí Breandán Ó Buachalla ina Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath ó 1978 go dtí 1996, an bhliain inar foilsíodh a mhórshaothar Aisling Ghéar.

Meáchan 250 g
Clúdach

bog, crua

Books Ireland – Samhradh 1998

Deirtear linn gur athléamh ó bhonn é an monagraf seo ar Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus ar chineál an chaointe trí chéile. Is féidir a rá gur fíor sin go dearbh. Maíonn an t-údar go bhfuil an tráchtaireacht a déanadh go dtí seo ar an ábhar easnamhach agus bunaithe ar mhíléamh nó ar easpa chúraim leis an bhfianaise. Cíorann sé a bhfuil d’fhianaise againn siar go dúid agus baineann a thátal féin as atá bunoscionn leis na tuiscintí a bhí réimiúil go dtí seo…