‘Suipéar agam le Julien Vroom, fear nuaíochta agus leaseagarthóir an Egyptian Gazette. Beilgeach é a scríobhas i mBéarla i gcónaí agus nach bhfuil teanga dá chuid féin anois aige. Rugadh is tógadh le Pléimeannais é, ach anois is sa mBéarla nó sa bhFraincis is mó chuireann sé a smaointe in iúl don tsaol, agus blas soiléir Ostende aige ar an dá theanga sin . . .’ Gael sofaisticiúil ilteangach (bíodh is nach raibh aon cheangal le hÉirinn ag muintir Willmore, Londanaigh), ab ea Micheál Mac Liammóir (1899-1978), duine a bheadh sa bhaile aon áit ar domhan.