Ag caint linn fhéin

10.00

Stoc ar fáil

Mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne ar Joe Steve Ó Neachtain agus tá aithne ag an saol Fódlach air as a chuid úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus drámaí. Sa gcnuasach seo, áfach – léachtaí, óráidí agus píosaí cainte a thug sé le breis agus fiche bliain anuas – tugann sé aghaidh ar chuid de na hábhair is ansa leis, agus is mó atá ag cur imní air, sa nGaeltacht agus in Éirinn fré chéile. 

Ina measc, tá a chúlra fhéin agus a óige i gCois Fharraige, staid na Gaeltachta sa lá atá inniu ann, an fhorbairt pobail, a chuid scríbhneoireachta agus, sméar mhullaigh an leabhair, aiste faoi Mháirtín Ó Cadhain. Caint a tharraingíonn caint, a deir siad, agus fág ag Joe Steve é le muid a chur ag caint eadrainn fhéin, fúinn fhéin agus linn fhéin.

Léigh sliocht as an leabhar

 

Meáchan 250 g