Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiúin a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar? Sa mhéid gur traidisiún scoilte é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoir agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht a bheadh nó á mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh.
Leis sin, tá míshuaimhneas éigin ag baint le ceist an traidisiúin ó tosnaíodh ar litríocht na Gaeilge a athchóiriú aimsir na hathbheochana agus freagraí éagsúla tabhartha ag scríbhneoirí ar an dúshlán a bhaineann le teanga mhionlaithe agus cultúr coilínithe a chur in oiriúint dóibh féin agus dá gcuid léitheoirí.
Sa leabhar seo téann an t-údar i ngleic leis an gceist seo trí ghnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoir móra próis na Gaeilge a scrúdú – leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Liam S. Gógan, Mháire Mhac an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Bhriain Uí Nualláin (Myles na Gopaleen) – féachaint conas mar a tháinig siad féin ar réiteach ar an gceist, má tháinig ar chor ar bith.
Is é Louis de Paor Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bíodh agus go raibh díospóireachtaí ann cheana ag tréimhsí éagsúla ar cheist an traidisiúin agus litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, mar a tharlaíonn le cuid mhaith de na mórcheisteanna critice a théann i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta i dteanga ar bith, bhí tost áirithe timthriallach ar an ábhar seo le tamall. Saigheadlíne is ea é seo, mar sin féin, ón athbheochan i leith, a mbíonn malairt tuairime ag léirmheastóirí i gcás scéal a thábhachta agus a thionchair ar scríbhneoirí aitheanta Gaeilge i gcaitheamh an chéid seo caite.
Sa chnuasach aistí seo, cuireann Louis de Paor roimhe dhá phríomhábhar plé a chíoradh: sa chéad áit an gaol is ceart a bheith idir scríbhneoirí aonair agus an traidisiún a tháinig rompu; agus ina dhiaidh sin, an tslí a fhreagraíonn léitheoirí a linne don ghné sin dá saothar. Éiríonn leis, tríd is tríd ag glacadh leis go dtuigeann an criticeoir go mbeidh síor-agóid intleachtúil i gceist sula mbíonn an gaol sin soiléir, agus go deimhin, chun an gaol agus freagra sin a bhaint amach. Tagann teideal an tsaothair ó chomhfhreagras ríomhphoist idir an t-údar agus an scríbhneoir comhaimseartha Seán Mac Mathúna, áit a fhógraíonn Mac Mathúna deireadh ‘le scéalaíocht, filíocht, ealaíon’ mar nach bhfuil tuiscint a dhóthain ag léitheoirí ar thraidisiún ithir na scríbhneoireachta nó ‘gnáth-thagairtí na teanga’. Tagraíonn Mac Mathúna do nath cainte agus é ág caint ar chás na scríbhneoirí nach dtuigtear iad – ‘ag caint leis an simné’ a bhíonn siad. Is beag duine níos fearr ná de Paor leis an ábhar seo a mheas, agus an dá chaipín á gcaitheamh aige – an scríbhneoir cruthaitheach agus an criticeoir acadúil – anuas ar raidhse a chuid saineolais féin ar na mórscríbhneoirí atá faoi chaibidil sa leabhar.
Léigh an léirmheas iomláin in Eagrán Márta 2019, Comhar.
Léirmheas le Liam Mac Amhlaigh, Comhar, Márta 2019