Úrscéal le Maeve Binchy
Aistritheoir: Lorraine Ní Donnchú | Leabhar ón tsraith Open Door le New Island
Cónaíonn Nan léi féin ag Uimhir 14 Bóthar na gCastán. Tá tógálaithe le teacht chun obair a dhéanamh ar an teach folamh béal dorais, tá a thuairim féin ag gach duine fúthu. Dar le triúr páistí fásta Nan nach bhfaighidh sí nóiméad síochána. Ach nuair a stopann veain lonrach Derek Doyle taobh amuigh d’uimhir 12, tá sceitimíní ar Nan. Agus nuair a iarrann an tógálaí dóighiúil ar Nan mistéir a fhuascailt, an mhistéir a bhaineann le himeacht na ndaoine a chónaigh ann roimhe, fásann cairdeas speisialta eatarthu. Ach mar a fhaigheann siad amach go luath, ní mar a shíltear a bhítear. Agus deacrachtaí clainne agus forbróirí maoine mí-ionraice ag fanacht leo, tá cúrsaí an tí éirí an-chasta.
Foilsithe den chéad uair 2007 agus athchloite in 2018 le New Island | ISBN 9781905494651 | Leathanaigh 96