Margadh!

Na Mairbh a d’Fhill

7.65

Stoc ar fáil

Úrscéal do dhaoine óga. Na Mairbh a d’Fhill le Cathal Ó Sándair.

Athchló 2022 ar leabhar le Cathal Ó Sándair a chur An Gúm ag comóradh 100 bliain ó rugadh an údar.

‘Heileo! Cé atá ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’

Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí-éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach.

De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo.

  • Eachtraíocht
  • Leabhar do dhaoine óga
  • Curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu

Ar feadh dhá scór bliain chuir an scríbhneoir Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh faoin mbinse scoile i ngan fhios do na múinteoirí. Seo chugainn i gcló arís a chéad leabhar Na Mairbh a d’Fhill, ina gcuirimid aithne ar an mbleachtaire clúiteach Réics Carló. Bhí sciob sceab ar an leabhar seo lena linn – díoladh os cion míle cóip de seo sa chéad mhí dó a bheith i gcló. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

 

Meáchan 120 g
Toisí 11.8 × 18.5 × .1 cm