Pictúirleabhar (clúdach bog)
Léaráidí: Andrew Whitson
Arna aistriú Máire Zepf
Cluineann Muireann an nuacht faoi thinneas tubaisteach nua. Chun cosc a chur air, níl cead ag duine ar bith teacht chuig an oileán na imeacht. Ach tá daidí deas Mhuirinne thall ar an mórthír ag díol éisc. Cad é mar a dhéanfaidh sí gan é? Tugann Muireann lámh chuidithe dá mamaí leis an chócaireacht, leis na lachain agus na cearca agus déanann siad mascanna le chéile. Ach ansin, éiríonn Caitlín Mhicí tinn – agus sroicheann an víreas an t-oileán. Cén dóigh ar féidir le Muireann cuidiú? Cad é mar a thiocfaidh na hoileánaigh slán?
Muireann agus an Dianghlasáil arna fhoilsiú ag Graffeg, 2021. Cóipcheart © Graffeg Limited 2021
Ar fáil ón tsraith chéanna: Muireann agus an Fharrage Fhiáin, Muireann agus an Míol Mór, Muireann agus an Teach Solais
Foilsitheoir An tSnáthaid Mhór | ISBN 9781912929122 | Leathanaigh 35 | An chéad chló 2021