Séard atá sa leabhar St. Patrick of Ireland, Pádraig Naofa na hÉireann ná pictiúrleabhar dátheangach ina ndéantar aithris ar scéal Naomh Pádraig i mBéarla agus i nGaeilge. Tá sé foilsithe mar chuid den tsraith Fadó Saints Series le Red Stag ina n-insítear scéalta faoi naoimh aitheanta na hÉireann. Is é Declan Collinge a scríobh na leabhar, file dátheangach aitheanta agus tá na scéalta curtha i láthair ar bhealach taitneamhach agus so-léite. Cuireann maisiúcháin lán-daite leis an insint.