Pictiúrleabhar ón tsraith Bímis ag caint faoi! | Clúdach bog
Bíonn cairdeas agus grá an-speisialta ag páistí dá bpeataí. Má fhaigheann peata bás, bíonn brón an-mhór orthu. Go minic is é bás an pheata an chéad taithí a bhíonn ag páiste ar an mbás. Bíonn ar an bpáiste déileáil le mothúcháin láidre an uair sin, mothúcháin atá deacair le tuiscint. Is é an chéad chéim don pháiste chun déileáil lena mbrón na a bheith in ann labhairt faoi. Cabhraíonn ‘Is Cuimhin Liom Róló” le páistí an brón agus an t-uaigneas atá orthu a chur in iúl agus tuiscint a bheith chomh maith acu do dhaoine a bhfuil brón nó uaigneas orthu.
Foilsitheoir den chéad uair © 2005 ag Gemser Publications Leagan Gaeilge © 2009 Futa Fata
ISBN 9781906907013 | Leathanaigh 31