** Dáta Foilsithe: Samhain 2026**
Inis Treabhair – A scéal agus a mhuintir
Tá léargas cuimsitheach anseo ar an saol a bhí in Inis Treabhair, oileán beag amach ó Cheantar na nOileán i gConamara ó thús an 19ú céad go dtí gur bánaíodh an t-oileán i 2010. Tá cur síos ann ar na daoine, ar an tslí mhaireachtála, an scolaíocht, ag strachailt leis an talamh agus leis an bhfarraige chomh maith leis an gcruatan a bhaineann le saol oileánda. Tá agallaimh agus cuimhní cinn ann le daoine a raibh orthu an t-oileán a thréigean agus léiríonn siad an cumha i ndiaidh a muintire agus a gceantar dúchais, áit nach raibh i bhfad óna gcroí riamh. Is foinse saibhir eolais é seo do shliocht an oileáin agus a muintir ina bhfuil go leor grianghraf freisin nach bhfacthas cheana.
Formáid Clúdach bog
Seánra Stair
Foilsitheoir Cló Iar-Chonnacht









