Is fada lucht léite a chuid filíochta ag fanacht ar shaothar nua ó Chathal Ó Searcaigh. Chugaibh, mar sin, cnuasach úrnua dánta uaidh, imleabhar spreagúil smaointeach ó Ghúrú na gCnoc, mar a dtéann an file i ngleic le hiontais an tsaoil dhaonna agus neamhdhaonna agus mar a dtugann sé ruathar ealaíne trí chríocha imigéiniúla na freacnairce. Tig libh siúl lena thaobh ar aistear fánach seo na fionnachtana fantaisíochta, ar thuras diamhair laethúil a thabhairfaidh isteach Kathmandu agus Gort an Choirce agus gach dá bhfuil idir eatarthu.
Is é seo an chéad chnuasach nua ón bhfile Conallach le sé bliana agus tá a shainstíl le sonrú go smior síos tríd, mar a bhfuil tionchar Neipeal ar a shaothar, leis. Braitheann Ó Searcaigh gur thug sé leis an chuid is fearr óna shaothair eile sa chnuasach seo agus téamaí móra na teanga, na háite agus an dúchais chun cinn ann, ach go bhfuil forbairt déanta aige chomh maith ar an réimse mothúchán atá san áireamh sna dánta.
Is i sraitheanna atá na dánta sa leabhar curtha inár láthair, i gcosúlacht an dáin eipiciúil. San áireamh sa chnuasach seo tá ‘Oileán na Marbh’, dán a bhfuair Ó Searcaigh coimisiúnú air sa samhradh faoi na hoileáin bheaga amach ó chósta Thír Chonaill, áit ar cuireadh páistí a fuair bás sular baisteadh iad. Chuir Neil Martin ceol leis an dán seo agus chas Maighread Ní Dhomhnaill é, leis an West Ocean String Quartet, ag ceolchoirm i rith Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2006. Tá an leabhar maisithe go healaíonta ag Ian Joyce.