Tairseach

An áit sin idir eatarthu, an spás idirthréimhseach, an áit ina dtarlaíonn an t-athrú, idir an gortú agus an cneasú nó idir an cheist agus an freagra; is ansin a tharlaíonn an mhórchuid agus is ann a mhaireann na dánta sa chnuasach seo. Is am machnaimh é an tréimhse sin, am feithimh, áit a dtagann athrú crutha nó athrú meoin; is áit é a mbíonn tú i lár rudaí ach nach mbaineann tú go hiomlán le ceachtar rud. is é lár an scéil é, is claochlú é, is turas é.

(tógtha ó bhrollach an leabhair)

15.00

Stoc ar fáil

Is file bhisiúil í Dairena Ní Chinnéide a scríobhann óna croí agus a fhiosraíonn an saol go hinniúil oilte. Sa chnuasach nua seo léi, taiscéalann Ní Chinnéide an talamh idir eatarthu, ag gluaiseacht san idir-spás agus ag teisteáil an aeir ann. Is filíocht thráthúil é seo a bhaineann leis an am seo atá againn anois mar go bhfuil muid go léir, le bliain anuas, gafa idir dhá shaol. Mothaíonn Ní Chinnéide an bealach dúinn agus caitheann sí solas isteach sa spás sin, á lasadh dúinn. Na háiteanna a fhiosraíonn Ní Chinnéide sa chnuasach seo, na spásanna idirthréimhseacha ina dtagann athrú crutha nó athrú meoin; is áiteanna iad ina gcuireann sí an cheist agus as a dtagann an freagra chugainn go binn óna cuid dánta.
Is cnuasach téagartha é seo le thar 80 dán, le brollach scríofa ag an Ollamh Máirín Nic Eoin a thugann eochair don léitheoir isteach sna dánta. Tá líníocht fite tríd an leabhar leis an ealaíontóir Kim Sharkey.

Meáchan 250 g