Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931 – 1981

Tá cuntas saibhir, cuimsitheach sa leabhar ar stair Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931 – 1981 i gcaitheamh na mblianta sin agus tá sé líonta lán de ghrianghraif áille agus d’ailt agus tuairiscí ó thréimhsí éagsúla. “Aisteoirí Ghaoth Dobhair a mhuscail grá ionamsa don drámaíocht an chéad lá riamh,” a dúirt Noel Ó Gallchóir, údar an leabhair, “agus tá a fhios agam gurb amhlaidh atá i gcás na slóite eile”.

20.00

Stoc ar fáil

Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2021

Tá cuntas saibhir, cuimsitheach sa leabhar ar stair Aisteoirí Ghaoth Dobhair i gcaitheamh na mblianta sin agus tá sé líonta lán de ghrianghraif áille agus d’ailt agus tuairiscí ó thréimhsí éagsúla.

Bhí clú náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar feadh blianta fada mar cheann de na compántais drámaíochta is fearr sa tír. Sciob siad leo coirn agus duaiseanna ag féilte, feiseanna agus comórtais go leor agus tá sé ráite fúthu gurbh iad an cumann ba mhó a bhain stádas amach do dhrámaíocht na Gaeilge.

‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair a mhuscail grá ionamsa don drámaíocht an chéad lá riamh,’ a dúirt Noel Ó Gallchóir, údar an leabhair, ‘agus tá a fhios agam gurb amhlaidh atá i gcás na slóite eile. Bhí ról iontach tábhachtach ag na hAisteoirí i gcothú, i gcaomhnú agus i saibhriú na dtraidisiún ceoil, amhránaíochta agus drámaíochta i dTír Chonaill. Ach sa mhullach air sin, ní shílim go raibh compántas drámaíochta ar bith sa tír a rinne oiread le gluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn ná a bhain caighdeán chomh hard céanna amach sa tréimhse sin.’

Tá insint sa leabhar seo ar stair an chumainn ó 1931 go 1981, ar na drámaí a léirigh siad, na dúshláin a sháraigh siad, na duaiseanna a bhuaigh siad agus na héachtaí eile a rinne siad i gcaitheamh na mblianta sin. Tá léargas le fáil ann fosta ar stair Ghaoth Dobhair san fhichiú haois agus ar na pearsain ba mhó a bhí páirteach sna hAisteoirí ó bunaíodh iad, ina measc, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhí ina ceann feadhna agus ina cnámh droma ag an chumann ar feadh bhunús mór an ama sin.

An t-údar

Scríbhneoir agus drámadóir é Noel Ó Gallchóir atá ina chónaí i nGort an Choirce. Tá baint aige leis an gCumann Scoildrámaíochta le blianta fada agus bhí baint aige leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta ó 1976 go 1996. Ba bhall é d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus d’Aisteoirí Ghort an Choirce agus tá baint aige leis an Bhéal Binn agus le hÉigse Uladh. Tá gradaim náisiúnta buaite aige i gcomórtais éagsúla, lena n-áirítear an tOireachtas, Scór agus féilte drámaíochta.

In 2011, chuir Noel an leabhar Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin i dtoll a chéile, ar bailiúchán é de shaothar scríofa a athar, Seán Ó Gallchóir (1912–84).

Tá aitheantas bainte amach ag Noel mar dhrámadóir le blianta beaga anuas agus camchuairteanna déanta aige leis na seónna Idir Dhá Cheann na hImní (2015), Ó Pheann an Phiarsaigh (2016) agus Máire (2019). Bronnadh Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker air in 2015.

Meáchan 250 g