Gach Dath Faoin Spéir

8.95

Stoc ar fáil

Pictúirleabhar ón tsraith Bímis ag caint faoi!  |  Clúdach bog

Tá athrú mór tagtha ar an saol le blianta beaga anuas.  Tá daoine ó chúlraí éagsúla ag maireachtáil le chéile níos mó ná mar a rinne riamh i stair an chine dhaonna.  Tá na daoine éagsula seo ag teacht le chéile, ag meascadh le chéile, ag tógáil pobal agus ag tógáil a gcuid páistí le chéile.  An aidhm atá le “Gach Dath Faoin Spéir” ná an éagsúlacht iontach atá inár measc a aithint, ach na cosúlachtaí atá eadrainn ar fad mar dhaoine daonna a aithint chomh maith céanna.  Má ghlacimid le daoine eile mar dhaoine daonna, ar nós muid féin ach meas a bheith againn ar na difríochtaí atá eadrainn, tá céim mhór tagtha againn i dtreo pobal a thógáil a mhairfidh le chéile go sona sásta.

Foilsithe den chéad uair © 2005 ag Gemser Publications |Leagan Gaeilge © 2009 Futa Fata | Marta Fàbrega a mhaisigh

ISBN  9780955098383    |    Leathanaigh 31

Meáchan 180 g
Toisí 24 × 24 × .5 cm

Seans gur spéis leat...