Cnuasachfilíochta Gaeilge agus Gearmáinise é seo. Is é ábhar an leabhair seo tionscadal a cuireadh ar bun i rith Fhéile Filíochta Bheirlín 2004 inar oibrigh seisear filí Gearmánach le seisear filí Gaeilge le saothair a chéile a aistriú. Chuir na filí an-suim sa togra, Biddy Jenkinson go háirithe, nár ghlac páirt riamh roimhe sin i gceardlann aistriúchán agus nár cheadaigh aistriúchán Béarla ar saothar s’aici. Seo a leanas na filí: Nuala Ní Dhomhnaill agus Mirko Bonné; Gréagóir Ó Dúill agus Monika Rinck; Michael Davitt agus Barbara Köhler; Biddy Jenkinson agus Dorothea Grünzweig; Cathal Ó Searcaigh agus Maja Haderlap; agus Gabriel Rosenstock agus Armin Senser.
Tá bunleaganacha na ndánta sa leabhar, móide aistriúcháin, chomh maith le dhá dhlúthdhiosca a taifeadadh le linn na féile.