Sladmhargadh!

Caillte i gConamara/Lost in Connemara

6.00

Stoc ar fáil

,,,,

Cúig ghearrscéal le cúigear fear as Conamara. Cúigear údar ar de dhlúth agus d’inneach Chonamara iad, a thugann léargas ar leith ar Chonamara, pictiúr ón taobh istigh, a phléann Conamara mar a fheictear do mhuintir Chonamara é.

Ach ní hé Conamara na sléibhte maorga, na lochanna gorma, na tránna bána agus na gasúir rua le hasal agus péire cléibh atá faoi chaibidil sa leabhar seo.

Feictear sna scéalta seo Conamara an chaillteanais, Conamara an bhriseadh croí agus an bháis, Conamara na tragóide, Conamara an bhróin agus an olagóin. Seo Conamara mar a bhí sé sa bhfichiú haois agus mar atá sé san aonú haois is fiche.

Saothar dhátheangach é seo (Gaeilge agus Béarla).

Na hÚdair

Pádraic Ó Conaire

Máirtín Ó Cadhain

Pádraic Breathnach

Joe Steve Ó Neachtain

Micheál Ó Conghaile

Meáchan 250 g

The short story was a staple of Irish-language literature in the 20th century and shows no sign of passing away in the 21st. Brian Ó Conchubhair has selected five stories in this bilingual collection, which give a glimpse of the genre’s trajectory from the beginning of the last century to the early years of this one. Pádraic Ó Conaire opens the collection, followed by Máirtín Ó Cadhain. Both will be well known to speakers of Irish. Happily the other authors – Pádraic Breathnach, Joe Steve Ó neachtain and Micheál Ó Conghaile – are all still with us. All five pieces are excellent. If you are not fluent in Irish you can read the evocative translations concerning life, love and loss with pleasure. If you are fluent you can reacquaint yourself with original writing and be the better for it. To read in one language or theo ther, one must turn the book upside down. A commentary on the relationship between Irish and English in literary matters, perhaps?
Lost in Connemara, The Irish Times, Pól Ó Muirí

Thugas suntas do theideal an leabhair seo, Caillte i gConamara. Is teideal é a mheallfaidh léitheoirí, measaim. Leabhair dátheangach é, an leagan Béarla ‘Lost in Connemara’ bunoscionn seachas taobh le taobh leis an mbunleagan. Na scéalta aistrithe go Béarla ag Diarmuid de Faoite, Louis de Paor agus Lochlainn Ó Tuairisg, Pádraic Breathnach, Mícheál Ó hAodha agus Katherine Duffy. Tá cúig scéal ar fad faoi chaibidil sa leabhar: ‘Páidín Mháire’ le Pádraic Ó Conaire, ‘Beirt Eile’ le Máirtín Ó Cadhain, ‘Na Déithe Luachmhara Deiridh’ le Pádraic Breathnach, ‘Lá Cairde’ le Joe Steve Ó Neachtain agus an teidealscéal, ‘Caillte i gConamara’ le Micheál Ó Conghaile.

Thugs suntas freisin don réamhrá: Ababúna Conamara le Brian Ó Conchubhair. Pléann sé an dá Chonamara, más maith leat, an tsean-íomhá de Chonamara atá fós i seilbh na dturasóirí a thugann cuairt ar anáit, Conamara na bochtaineachta, na hiargúltachta agus na dearóile. Bíonn ionadh agus alltacht orthu nach mar sin atá a thuilleadh nuaira fheiceann siad ‘an Conamara nua atá muid a chruthú dúinn féin’ (Ó Conghaile) ina bhfuil siombailí agus rianta an chultúir nua bhféagMheiriceánaigh le feiscint i gcuile áit agus an Conamara ‘atá de shíor ag athrú agus ag forbairt de réir a thuisceana féin, Iar-Chonnachta a bhfuil feabhsú an infrastruchtúir shóisialta le sonrú ann: Iar-Chonnacht an Facebook, Iar-Chonnachta an Twitter, Iar-Chonnachta an Skype, An FLixter, an Netflix..an iPod, an iPad agus an iPhone, Iar-Chonnacht TG4..’ Is réamhrá an-chríochnúil agus an-tuisceanach agus an-chabhrach é seo. Tugtar léargas don léitheoir ar an gceantar draíochtúil seo agus ar an dá phearsantacht atá aige. Molaim go mór é.

Creidim féin gur coincheap é Conamara anois, branda domhanda a mheallann turasaóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin gach samhradh, a mheallann éiceolaithe agus lucht dúlra agus b’fhéidir lucht teanga ó thráth go chéile. Cosúil le gach ceantar Gaeltachta in Éirinn tá Conamara ag meath, an chosmhuintir ag eirí níos gainne le gach bhliain a ghabhann thart agus lucht labhartha na teanga – na cainteoirí ó dhúchas – ag eirí níos gainne ar an dóigh chéanna. De bharr an dul chun cinn atá tarlaithe i ngeilleagar na tíre le dhá scór bliain anuas, ní hann do chreatlach lom cnámhach na bochtaineachta a thuilleadh agus tá an ruaig curtha ar an ngorta.

I gceann dhá scór bliain eile tá gach cuma ar an scéal go mbeidh creatlach lom cnámhach na teanga ar an dóigh chéanna agus í ag lorg déirce ó gach cúntóir teanga a thiocfaidh chun fóirithinte uirthi. Ach sin scéal eile.

Nuair a léann tú an réamhrá tuisceanach, dea-scríofa agus an pictiúr a chruthaítear ann de Chonamara an lae inniu tagann díomá ort nuair a léann tú na scéalta sa leabhar. Braithim go bhfuil deighilt mhór idir an réamhrá agus formhór na s¸ealta. is é an sean-Chonamara atá faoi chaibidil sna scéalta ar fad, seachas sa teidealscéal ‘Caillte i gConamara’, agus fiú ina chás-san is beag éadroime atá le braistint ann. Ar eagla na míthuisceana is scéalta den scoth iad, ach ní scéalta iad a chruthaíonn pictiúr de Chonamara an lae inniu, im thuairimse. Tá an tromchúís, an duairceas agus an t-éadóchas ró-mhór cheal spáis agus mar go bhfuil a bhformhór acu i mbéal an phobail cheana féin ar aon chaoi.

Scéal dorcha, gruama, tragóideach é ‘Páidín Mháire’ a bhaineann le ré an Ghorta Mhóir, na bochtaineachta agus na hainnise.

Scéal iontach é ‘Beirt Eile’ a thugann spléachadh ar shaol crua Chonamara, ar shaol míshona an phríomhcharachtair, Micil, fear atá pósta de ghrá réitigh le bean atá i bhfad níos sine ná é agus atá searbh, feargach, míshuaimhneach ann féin agus lan de fhrustrachas agus féintrua.

Baintreach í Máire Ní Fhatharta, príomhcharachtar an scéil “Na Déithe Luachmhara Deiridh’. Cónaíonn sí ina haonar. Tá aimsir na Nollag tagtha agus titim sneachta ina teannta. Tá Máire uaigneach, maoithneach agus faoi gheasa ag a cuid cuimhní cinn. Tá sí gruama freisin. Agus éadóchasach i dtaobh na todhchaí. Is beag craic atá sa scéal.

Is othar i dtigh altranais í Meáigí sa scéal ‘Lá Cairde’. Seanbhean í a bhfui lteipthe a a cuimhne agus bíonn sí ag rámhaille de shíor ag glaoch ar a mac Pádraig, nach bhfuil ann, seo, siúd agus uile a dhéanamh di. Teastaíonn uaithi dul abhaile go dtí ‘an seanteach’ agus feidhmíonn sí mar íomhá den seansaol atá imithe.

Is é an teidealscéal amháin a thugann spléáchadh dúinn ar Chonamara an lae inniu. Tá sé nua-aimseartha agus dúshlánach ach doracha. Fear agus a leannán (luaithrigh a leannáin atá istigh i bpróca!) agus iad beirt ag filleadh ar áit faoi leith i bhfiántas Chonamara a bhíodh gar dá gcroíthe lá dá raibh. Scéal an-mhaith é seo, an-samhlaíocht agus an-fhuinte agus tá áit tuillte go maith aige sa leabhar seo sa mhéid is go léiríonn sé go beacht gné faoi leith de Chonamara san aonú haois is fiche.

Gan amhras, is cnuasach maith scéalta atá anseo, cé nach gcloíonn siad leis an dearcadh ná leis an léargas atá léirithe sa réamhrá, dar liom. B’fhearr liom go mbeadh scéalta níos gealgháirí, níos dúshlánaí, níós greannmhaire agus níos ‘postmodern intertexúil’ (Ó Searcaigh) ann, ach ní lia duin ná tuairim is dócha, is d’fhéádfadh a mhalairt de thuairim a bheith ag léitheoirí eile.
‘Caillte i gConamara-Scéalta Aniar’ Arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair
Léirmheas le Mícheál Ó Ruairc, FEASTA, Bealtaine 2015

These five stories from Connemara authors from this and the last century are not rose-tinted tales of rural life but gritty, realistic stories. They are published in English and Irish.
Lost in Connemara: stories from the Irish / Caillte i gConamara: scéalta aniar
BOOKS IRELAND, September/October 2014

Seo leabhar beag a thug mé liom agus mé ag taisteal ó thuaidh i nDún na nGall an samhradh seo. B’fhiú é bheith sa mhála. Cnuasach gearrscéalta ó údair éagsúla as Conamara thar na glúnta atá ann. Agus mar a deir an comhlacht ar an suíomh, seo Conamara an chaillteanais, Conamara an bhriseadh croí agus an bháis, Conamara na tragóide, Conamara an bhróin agus an olagóin.

Chomh maith leis seo, tá leaganacha Béarla de na scéalta ag dul leis na leaganacha Gaeilge. Ní aistriúcháin loma iad, ach leaganacha a bhfuil a saol féin acu neamhspleách ar an bhunleagan Gaeilge. Leathnóidh sé seo cáil na n-údar thar chríocha na Gaeilge amháin. Agus meallfaidh sé daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu isteach i mbóithríní teanga nua.

Ainneoin is nach leabhar d’fhoghlaimeoirí é seo, beidh sé ina chuidiú ag foghlaimeoir fásta atá ag iarraidh staidéar neamhspleách a dhéanamh ar ábhar macnamhach, aibí, snasta.

Mar gheall ar na scéalta seo léiriú a thabhairt dúinn ar stíl scríbhneoireachta thar chéad bliain anuas sa Ghaeilge beidh sé luachmhar don té a chuireann spéis sa litríocht chomh maith. Chuir mé sonrú sna stíleanna éagsúla agus an chaoi a d’athruigh an scríbhneoireacht thar na glúnta.

Seod bheag de leabhar.
Caillte i gConamara, Léirmheas le Réaltán Ní Leannáin, ar a blag Turas Ailse, 27 Lúnasa, 2014, turasailse.blogspot.com