Aiséirí

A novel about idealism, loyalty, love … and coffee.

16.00

Stoc ar fáil

Léigh sliocht as an leabhar >>

Saighdiúir de chuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a d’fhoghlaim Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a hanam isteach i ngach uile bhonnóg dá mbácálann sí agus i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air. Ach cé a shlánóidh Rebekka?



Clúdach

bog

Foilsithe

2011

Leathanaigh

152

Proinsias Mac a’Bhaird – Léirmheas leis in Gaelscéal 10 Meitheamh 2011

Níor casadh Alex Hijmans orm riamh. Sin ráite, mothaím go bhfuil aithne de chineál éigin agam air. Chuir cuid mhór de lucht na Gaeilge sa tír seo suim ina scéalsan, Ísiltíreach a tháinig chun cónaí in Éirinn, a d’fhoghlaim an Ghaeilge, a bhog go Gaillimh agus a bhunaigh caifé dátheangach. Chuir muid aithne air fríd a chuid gníomhaíochtaí neamhghnácha réabhlóideacha agus fríd an obair a rinne sé sna meáin chumarsáide. Le bliain nó dhó anuas, agus é ag cur faoi sa Bhrasaíl, seolann sé cártaí poist chugainn go tráthrialta. Thug ‘Favella’ a foilsíodh sa bhliain 2009 pictiúr spéisiúil dúinn den bhaile nua atá déanta aige dó féin thall.

Rith sé liom go minic agus a chéad úrscéal uaidh, Aiséirí, á léamh agam gur dírbheathaisnéis de shórt a bhí á léamh agam. Ealaíontóir óg ón Ísiltír, Rebekka, a thagann chun cónaí in Éirinn, a bhogann go Gaillimh, a théann ag obair i gcaifé dátheangach Aiséirí sa chathair sin. Bean óg a éiríonn tógtha le cúrsaí teanga, ar mhaith léi a chur ar shúile mhuintir na hÉireann an tábhacht a bhaineann léi mar theanga, ar mhaith léi réabhlóid teanga a chur ar bun agus ar deireadh a aimsíonn gealghrá a croí i Meiriceá. Is beag dabht a bhí i m’intinn go raibh Hijmans ag tarraingt go mór ar a thaithí féin agus é i mbun pinn.

Rud inmholta go maith é sin ar ndóigh. Is gá don úrscéalaí a bheith ina thráchtaire ar an saol atá thart air, is gá dó léargas ‘úr’ a thabhairt dúinn ar na scéalta a bhfuil seanchleachtadh againn orthu. Éiríonn go maith le Hijmans muid a thógáil isteach i saol na mná óige seo. Éiríonn leis mar tá máistreacht aige ar an ábhar. Tuigeann sé an Ísiltír, tuigeann sé saol an chaifé dhátheangaigh, tuigeann sé saol na Gaeilge i nGaillimh agus tuigeann sé cad atá i gceist le grá a aimsiú i Meiriceá. Tá sé in ann mioneolas sonrach a thabhairt dúinn agus cruthaíonn sé carachtar i Rebekka atá go hiomlán inchreidte. Bíonn bá againn léi mar charachtar agus suim againn inti mar dhuine de thairbhe sin.

Tá réimse fíorspéisiúil carachtar cruthaithe ag Hijmans san úrscéal seo. Cuid acu, tig siad isteach sa scéal ar feadh achair ghairid agus imíonn siad arís, cuid eile coinníonn siad cuideachta linn i rith an scéil uilig. Tá greann agus íogair ag baint le cuid acu. Beirt fhear aerach i ngrá leis an fhear ‘díreach’ céanna; Martán Mussolini a ólann deich gcupa caife gach lá, a fhad is atá siad déanta díreach mar is maith leis iad a bheith déanta; Indiaigh dhearga atá ar chamchuairt damhsa i nGaillimh… is cinnte nach ligtear don leadrán teacht thar thairseach an chaifé, in aineoinn na n-uaireanta fada oibre agus an strus a bhaineann leis an obair chéanna.

Bhí na carachtair chomh suimiúil sin gur bhraith mé díomá ar uairibh nach ndearnadh tuilleadh forbartha orthu, nach bhfuair muid seans aithne níos fearr a chur orthu. Cuid de nádúr shaol an chaifé, mar a mhínítear do Rebekka é agus í ag toiseacht ag obair ann, go mbíonn daoine ag teacht is ag imeacht go rialta. Nuair a chastar na carachtair orainn ar dtús, músclaítear spéis ionainn agus ba mhaith linn a fháil amach caidé mar a éiríonn leo, ach ansin go tobann bailíonn siad leo. Ar bhealach is trua nach bhfuil toirt bhreise leis an leabhar seo, chun scéalta na gcarachtar seo a iniúchadh níos mó.

Mar a bheifeá ag dréim leis ó Cois Life, tá dearadh agus clóchur an leabhair ar ardchaighdeán, cé gur shíl mé go raibh €16 ábhairín daor. Níor mhaith liom go gcuirfeadh praghas an leabhair seo duine ón doras mar b’fhiú go mór é a léamh. Ficsean éadrom atá ann a thiocfadh le duine a thabhairt leis ar eitleán nó chuig an trá – léigh mé féin cuid mhór de agus mé ar thuras bus – ach cé go bhfuil sé éadrom soléite, tá léargas maith tugtha ag Hijmans ar chúrsaí grá, ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí féiniúlachta. Fanann na rudaí seo leis an léitheoir i ndiaidh dó an scéal a léamh agus beireann siad ábhar machnaimh dó.

Mar chéad úrscéal tá an leabhar seo le moladh go hard. Tá rud nó dhó, cuairt an chigire sláinte ag deireadh an scéil cuirim i gcás, nár luigh go rómhaith liom, ach taobh amuigh de na rudaí bídeacha seo, bhain mé ansásamh as Aiséirí a léamh agus beidh mé ag tnúth go mór leis an chéad leabhar eile ón Ísiltíreach ildánach seo!


Alex Hijmans faoi agallamh ag Meadhbh Ní hEadhra ar Gaelscéal, 18 Marta 2011
I dteach tábhairne ar Shráid an Droichid i nGaillimh, buailim leis an údar, iriseoir agus Gaeilgeoir Ollannach, Alex Hijmans, den chéad uair. Tá sé tagtha ar ais go Gaillimh ar cuairt, chun a úrscéal nua, ‘Aiséirí’, a sheoladh. Tá gach rud athraithe ó bhí Alex ina chónaí anseo. Tá an teach tábhairne féin athraithe, ainm nua air, úinéir nua, scaifte nua ina suí thart ar na boird. Is mar gheall go ndearna Alex staidéar ar an Léann Ceilteach san ollscoil gur tháinig sé go Gaillimh ar bhliain ‘Erasmus’. Chaith sé dhá bhliain déag i nGaillimh ina dhiaidh sin, agus ag breathnú siar, tá sé deacair air é sin a chreidiúint.

“Tá cónaí orm anois i gcathair ina bhfuil 3.5 milliún duine ina gcónaí [Salvador], agus níl ach b’fhéidir 70,000 i nGaillimh! Deirim liom féin, cén chaoi nach raibh leadrán orm anseo le 12 bliain? Ní fhéadfainn mé féin a shamhlú i mo chónaí i nGaillimh arís.”

É sin ráite, creideann Alex go raibh Gaillimh i mbarr a réime idir 1995 agus 2001, agus go raibh go leor ag tarlú inti ag an am. Bhunaigh sé féin an caife dátheangach Banana Phoblacht agus é i nGaillimh, áit a mbíodh daoine ag caint i nGaeilge agus iad ag ól caife.

“Ag an am, cheap mé go raibh Gaillimh an-mhór,” ar sé, ag smaoineamh siar. “Ceapann go leor de mhuintir na Gaillimhe gurb í Gaillimh lár an domhain agus is dócha go bhfuair mé amach an-sciobtha nach í agus nach bhfuil lár ag an domhan!”

Ach cad faoin úrscéal nua dá chuid atá díreach foilsithe, an chéad saothar ficsin dá chuid? Cén scéal a insíonn Alex ann? ……

Go fisiceach, bhí Alex sa Bhrasaíl agus é ag scríobh an leabhair, sa bedsit beag a bhí á roinnt aige lena fhear céile i Salvador ag an am (tá árasán nua acu anois)! Ach ina chloigeann, bhí sé i bhfad ón mBrasaíl.

“Bheinn ag scríobh liom, agus ansin shiúlfainn go dtí an t-ollmhargadh nó rud éigin agus bheinn leathbhealach ann sular thuig mé go raibh mé sa Bhrasaíl,” ar sé. “I ndiaidh cúpla uair an chloig ag scríobh faoi Ghaillimh agus ag siúl timpeall na sráideanna i mo chloigeann, is ann a bhí mé.” Níl an oiread sin scríbhneoirí a úsáideann peann agus páipéar na laethanta seo agus úrscéal á scríobh acu, ach is eisceacht é Alex. “Scríobhaim le peann ar dtús agus ansin clóim isteach sa ríomhaire é. Tá an ceangal idir an intinn agus an páipéar níos tapa. Rud greannmhar faoi ‘Aiséirí’ ná gur oibrigh sé amach i bhfad níos greannmhaire ná mar a bhí i gceist agam. Tá sé aisteach, mar ní cheapaim gur duine an-ghreannmhar mé!” ar sé.

Is é ‘Aiséirí’ a chéad úrscéal, agus thaitin sé go mór leis é a scríobh. “Tugann sé [ficsean] go leor saoirse duit nach bhfuil agat leis an iriseoireacht,” ar sé. “Rud a thuig mé le bliain anuas ná uaireanta tá ficsean níos fearr le rud éigin a mhíniú ná tuairisc nuachta. I bhficsean, éiríonn leat na rudaí sin a bhfuil a fhios agat go bhfuil siad fíor, a léiriú gan aon deacracht, agus b’fhéidir ar bhealach níos cumhachtaí.” ……

Tá an teanga mar chineál ‘fochruth’ san úrscéal seo. “Shleamhnaigh ceist na Gaeilge isteach sa leabhar,” a mhíníonn Alex. “Ní rud é sin a theastaigh uaim a dhéanamh, mar tá an oiread scríofa i nGaeilge faoin teanga féin go raibh mé ag iarraidh sin a sheachaint, ach ansin fuair mé amach nach bhféadfainn i ndáiríre leabhar a lonnú i gcaife Gaeilge gan ceist na teanga a lua. Tá sí ann, ach tá sí ann ar bhealach úrnua, mar gheall go bhfuil muid ag breathnú ar cheist na Gaeilge trí shúile duine ó thír iasachta.”

© Meadhbh Ní hEadhra agus www.gaelsceal.com