Margadh!

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

13.60

Stoc ar fáil

Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d’Fhionn agus don Fhiann. Dá thoradh sin, teitheann an bheirt roimh dhíoltas Fhinn, cuirtear an tóir orthu, agus tugtar an léitheoir ar camchuairt trí dhomhan na fiannaíochta — domhan ina gcastar orainn Oisín, Oscar, Caoilte, Aonghas an Bhrogha, an Searbhán Lochlannach, trí rí-fhéinní Mhara nIocht agus a dtrí chú nimhe, Conán mac an Léith Luachra, agus go leor eile de mhóra agus de mhionphearsana na Féinne. Tour de force fiannaíochta is ea an t-ardsaothar seo ón 14ú hAois atá curtha in eagar dúinn ag Nessa Ní Shéaghdha, ceann de leabhair mhóra an traidisiúin Ghaelaigh

Meáchan 250 g
Toisí 13.6 × 20.3 × 2 cm