Úrscéal le Vincent Banville | Clúdach bog
Aistritheoir: Cathal Ó Manacháin | Leabhar ón tsraith Open Door le New Island
Tá an bleachtaire príobháideach John Blaine ar ais ag siúl drochshráideanna Bhaile Átha Cliath. Tá a phósadh anois ar obair, agus tá an leanbh beag Emily ann lena aird a choinneáil níos cóngaraí don bhaile. D’fhéadfaí a rá go raibh rudaí níos fearr ná a bhí riamh don bhleachtaire príobháideach. D’fhéadfaí, go dtí go bhfaigheann sé scairt ó Bheirtie Boyer, úinéir an chlub oíche an Cat Corca i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Fostaíonn sé an bleachtaire príobháideach le rabhadh a thabhairt do roinnt inimirceach Rómánach atá ag bagairt a áit a chur trí thine. Ach tá scéal eile ar fad ag an Rómánaigh. Tá an t-am ag imeacht air go gasta, agus sula mbíonn a fhios aige cad é atá ag tarlú, tá Blaine i gceartlar dóiteáin. Scéal greannmhar an-spéisiúil den saol ar an taobh mícheart de na ráillí.
Foilsithe den chéad uair in 2007 agus athchloite in 2018 le New Island | ISBN 9781905494668 | Leathanaigh 124