The Quick and the Dead: Selected Stories

25.00

Stoc ar fáil

,

Cnuasach gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain aistrithe go Béarla


Cnuasach gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain agus iad aistrithe go Béarla. Tá leaganacha i mBéarla de go leor de na scéalta céanna sa leabhar seo is a bhí le fáil sa gcnuasach Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta in eagar ag Louis de Paor.

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol. Tiomsaithe faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cúig cinn déag de na gearrscéalta is fearr uaidh.

Ó scéalta tuaithe Chonamara mar atá léirithe in An Braon Broghach agus Cois Caoláire go scéalta cathrach An tSraith ar Lár agus An tSraith dhá Tógáil, éiríonn leis an gCadhnach an daonnacht choiteann is dlúth agus d’inneach dá charachtair uile a chur i leith go teann, fórsúil, liriciúil, ealaíonta.

Mar a dúradh san úrscéal is cáiliúla dá chuid, Cré na Cille: ‘Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .’ Is fiú éisteacht leis go fóill.

Meáchan 300 g

Seans gur spéis leat...