Aistriúchán ar an ngearrscéal fada Fuíoll Fuine an saothar deireanach le Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh lena bheatha. Leanann an t-úrscéal seo baintreach fir agus é ag iarraidh sochraid a mhná a eagrú agus níl aon airgead aige, aon treoir ná aon uisce beatha! Tá sé ar seachrán agus níl a fhios aige cén áit ar cheart dhó comhairle a lorg, ná céard a cheart dhó a dhéanamh. Machnamh tochtmhar ar an mbrón, ar fhéidireachtaí, ar ‘b’fhéidir’, agus seachaint atá sa leabhar seo agus léiriú déanta ag Máirtín Ó Cadhain ar fhear atá gan dóchas agus imeall an tsaoil. Mar is dual don Chadhnach tá an leabhar lán leis an ngreann dorcha agus é fite fuaite leis an tragóid.
Tá an saothar seo ar fáil i mBéarla den chéaduair riamh agus tá réamhrá cuimsitheach le Alan Titley ag tús an leabhair.