Ag breathnú ar an nóta ar chlúdach cúil an leabhair seo, léimid: “Ionmholta malairt bhisigh, a dúirt an file fadó, agus an té a thabharfaidh faoin gcnuasach gearrscéalta seo ón Domhan Thíos, beidh siad ar aon intinn leis.
Sa leabhar seo, an chéad chnuasach le Colin Ryan, cuirtear cor i nGaeilge na hÉireann lena chur in oiriúint do chúinsí na hAstráile…”
N’fheadar arbh é “Ionmholta malairt bhisigh”, nath le hEochaidh Ó hÉoghusa, file ón séú agus ón seachtú haois déag, an nath ab oiriúinaí le tús a chur le moladh dáiríre a thabhairt don sárleabhar seo, nó caithfimid glacadh leis, gur athrú chun feabhais – i dteanga agus i leagan amach na scéalta atá le fáil againn idir chlúdaigh an chnuasaigh seo – atá i gceist ag an té a scríobh.
Ní gá a rá go bhfuil moladh mór ag dul don údar seo a rugadh agus a tógadh san Astráil, áit a bhfuil a mhuintir lonnaithe ón 19ú haois i leith. tá cónaí air anois in Melbourne, agus líon tí dátheangach thart air. Tá ceithre ghearrscéal déag sa bhailiúchán, seo, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é tosú le ‘Teachtaireacht’ féin, scéal a thug a ainm don chnuasach ar fad.
Agus an Stothaire ag scuabadh an chlóis, chonaic sé an Coirnéal chuige.
“Déanfaidh sé lá breá, arsa an Coirnéal …an rachaimid abhaile choíche?”
D’imigh an Stothaire ag triall ar a bhricfeasta. “Ní raibh roimhe sa chistin ach beirt seanstangairí a bhí chomh gioblach leis féin agus caróg de chailín a bhí ag meascadh na leitean. Roinn sí a gcuid orthu”.
“Aon scéal ann?” adúirt an Stothaire. “Thit cuid den bhalla thoir aréir,” adúirt an Charóg.
“Aon scéal nua?” adúirt an Stothaire.
“Thit cuid den bhalla thoir aréir,” adúirt an Charóg.
“Ara! adúirt an Stothaire, “bhí sé ar forbhás riamh. Tá tathag fós sa chuid eile. Mairfidh an Daingean go deo.”
Sin mar a chuireann an t-údar seo tús lena scéal, agus tugann muid faoi deara, go bhfuil foclóir faoi leith á úsáid ag an údar anseo. Breathnaigh ar na focail a úsáideann sé, focail ar nós, Stothaire, Caróg, srathachán, forbhás, seanstangaire.
Ag caint faoi sheanphríosún atá siad, an Coirnéal i gceannas, agus ba phríosúnaigh iad, tráth, an Stothaire agus an bheirt sheanstangaire, ach
“Scaoileadh na cimí saor leis an bpardún mór; d’imigh formhór na saighdiúirí leo ina gcótaí glasa agus a n-aghaidh ar chogaí mírathúla.”
Ach d’fhan an Stothaire agus roinnt daoine eile ann, dá ndeoin féin, nó ní thuigfidís siúd an saol amuigh, saol gan rialacha, gan smacht, gan orduithe.
Bhí an Coirnéal ag fanacht le Teachtaireacht a thabharfadh ordú dó an Daingean a dhúnadh, ach nuair a tháinig an Teachtaireacht, i ndeireadh na dála, a mhalairt ar fad de scéal a fuair sé, dúradh leis, go rabhthas, “ar ordú ain Impirie” , leis an áit a dheisiú agus a athchóiriú arís, faoi mar a bhíodh, gaus go rabhthas le dhá reisimit a lonnú ann feasta.
Ní raibh eolas ró-leathan ag an gCaróg ar chúrsaí an tsaoil, nó ba sa Daingean a rugadh agus a tógadh í, ach ina ainneoin sin, thug sí corrgheábh isteach i ngort an ghrá, bíodh nár ró-rómánsúil, nó ró-thorthúil, iad na geábhanna céanna sin.
Sna scéalta eile, gheobhaidh tú cur síos ar shaol difrúil, nó tá an t-údar ag iarraidh an Ghaeilge a aclú, agus a lúbadh, sa chaoi go mbeadh ar a cumas, feasta, deileáil le saol an Domhan Thíos, ‘Down Under’, mar adéarfá, agus nach inmholta é an cuspóirt céanna sin. Anois, caithfidh mé a admháil go raibh orm roinnt de na scéalta a léamh cúpla uair, nó trí, le adhmad éigin a bhaint astu. Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid ar deireadh thiar.
Breathnaímis ar cheann eile de na gearrscéalta atá le fáil sa leabhar seo.
Tógaimis an chéad scéal, ‘Slánú’, agus anseo arís, tá tagairt do dhaoine atá fágtha i bhforas, nó in institiúid oifigiúil éigin. Is é an príomhcharachtar féin a insíonn a scéal dúinn. Tugann ‘an Ceannaire’ cuairt air lá:
“Bhuail an Ceannaire isteach ar a choiscéim.
Scaradh na gcompánach, a dúirt sé go croíúil. B’fhíor dó. Sinn ag imeacht de réir a chéile. Daoine á n-aistriú, daoine á scor …”
“An bhfuil mórán fágtha anseo? a dúirt an Ceannaire.
Triúr arsa mise. Martinu, Singh agus Blood.”
Ón méid sin, tuigtear dúinn go suíonn an t-údar a scéal i dtír iasachta, sa Domhan Thíos.
Ón bpointe sin, agus de réir a chéile, tugtar le fiod dúinn go bhfuil easpa éigin ar aigne an scéalaí. Glaoch fóin óna iníon agus faigheann sé amach gurb é Dearbhla is ainm di agus go bhfuil sí in Queensland faoi láthair agus í ar a bealach chuige.
Seal ansin san Il Gelsonimo, teach ósta le deoch a fháil. Buaileann Gouros bleid air, fear nach bhfaca sé le fiche bliain, fear a bhfuil feo na haois ag teacht air. Cur síos ar na seanlaethanta.
Chuaigh sé abhaile. Brionglóid aige. Cailín chuig sa bhrionglóid sin, duine dá chlann féin, ach ansin rinneadh brus de chuile shórt. Mearbhall intinne air. Faigheann muid amach go bhfuil tríocha bliain caite aige san institiúid sin, rud a fhágann nach aon sicín lae é ag an am sin.
Casann sé le Gouros arís san ‘Il Gelsomino’. Iad cairdiúil. Deochanna. É ag titim ar gcúl ina chuid oibre, dar leis an gCeannaire. Ní mó ná sásta a bhí sé lena bhfaca sé sa scathán agus de réir a chéile, feicimid é ag cúbadh chuige ón bpobal.
É ag fáiltiú roimh a iníon, ach ansin arís san ‘il Gelsomino’, agus é ag ól. Dúradh leis go raibh a sheanchara Gouros básaithe leis na blianta.
De réir a chéile éiríonn leis an údar é a chur i tuiscint dúinn, gur duine ann féin é an scéalaí sa scéal seo, ‘Slánú,’ a bhfuil teipthe air fanacht i dteagmháil leis an saol réadach. Féach mar a chuireann sé tús leis an gcaibidil deiridh:
“Tá na laethanta ag imeacht agus féasóg go com orm. Léim leabhair na Síne agus gearraim na roscrainn . . .”
Tá na scéalta eile uilig spéisiúil, an dosaen eile acu, ach bíonn ar an léitheoir a chionn fein a dhéanamh le taitneamh iomlan a bhaint asu.
Más spéis leat an gearrscéal, agus a fhorbairt, tá mé ag capeadh go mbainfidh tú taitneamh nach beag as an mbailiúchán seo le Colin Ryan.
Dea-theachtaireacht, léirmheas le Peadar Bairéad ar an gcnuasach ‘Teachtaireacht’ san iris ‘An tUltach’ eagrán Samhain 2015. Suíomh idirlín An tUltach https://antultach.wordpress.com/about/
In aimsir na mbrionglóid a cruthaíodh an domhan dar leis an léamh acadúil ar sheanchas bundúchasaigh na hAstráile. Is ón Astráil a tháinig cnuasach seo Colin Ryan chugainn, ach seachas cruthú domhain nua is éard atá sna scéalta seo ná sceitsí, mar a beadh trí cheo, de shaol daoine agus de shaol na cruinne ag titim as a chéile.
Tá cuid de na scéalta ar foluain ar fad sa chaoi is nach léir domsa an i dtromluí de chuid priomh phearsana na scéalta atá an gníomhaíocht ar fad nó an amhlaidh gur trasnáil idir an ceantar agus an alltar atá ag tarlú iontu.
Caithfidh mé a rá go raibh mé ag streachailt le hábhar an leabhair seo – tá máistreacht ag Ryan ar an teanga atá in úsáid aige agus téagar san úsáid. Ach mhothaigh mé an insint a bheith doiléir ceomhar tríd síos agus ní raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint as na scéalta.
Píosaí gairide iad, duine amháin i lár na gach scéal acu, scéal nó dhó ina bhfuil an príomhphearsa céanna. Bíonn siad scaití i ngleic le duine eile, ach ar an mórgóir iad gafa lena smaointí is cuimhní féin agus iad beo i saol a shilfeá bheith iar apacailipteach.
Tá scéal nó dhó sa chnuasach atá rud beag níos réalaí, agus is astu is fearr a bhain mé adhmaid. Ach tá an ghné mistéireach duairc ag baint leo sin freisin.
Cló Iar Chonnacht a d’fhoilsigh agus a sheol cóip léirmheastóireachta chugam.
Ar foluain in aimsir na dtromluí, léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain ar ‘Teachtaireacht’ le Colin Ryan. Foilsíodh an léirmheas seo den chéaduair ar an mblag Smaointe Fánacha Aonghusa. Is féidir an léirmheas a léamh ag an nasc seo: http://aonghus.blogspot.ie/2015/11/ar-foluain-in-aimsir-na-dtromlui.html
Cnuasach gearrscéalta a foilsíodh cúpla bliain ó shin mo chéad rogha, is é sin ‘Teachtaireacht’ leis an údar Astrálach Colin Ryan (Cló Iar-Chonnacht). Léigh mé an uair a foilsíodh é ach ní bhfuair mé mian mo chroí air – tá leabhair ann nach ligeann a rún leat ar an chéad léámh. Is é ‘rún’ an t-eochairfhocal i gcás na scéalta seo. Níl mé ag rá go dtiocfadh liom cuntas a thabhairt ar an méid a ‘tharlaíonn’ i scéal ar bith acu, ach oiread le haisling na hoíche aréir. Na carachtar féin, ní go rómhaith a éiríonn leo greim a choinneáil ar shnáithe an scéil, ná ar shnáithe a saoil ach oiread. B’ait liom an teannas idir an stíl lom dhíreach agus mianach béaloideasúil neamhsaolta na scéalta. Is é mian gach scríbhneora a ghuth féin a aimsiú; déanaim amach gur éirigh le Ryan sin a dhéanamh go paiteanta sa chéad chnuasach seo. Nára fada uainn teachtaireacht eile ón leathsféar theas.
Leabhair na Bliana, Comhar, Nollaig 2017. Sliocht as alt le Antain Mac Lochlainn.
Bhí gearrscéal de chuid an údair seo ar Feasta (Aibreán 2016) agus é léite agam sara bhfuaireas deis an cnuasach spéisiúil seo a léamh. ‘Go hIfreann’ an teideal ar an sceál a bhí ar Feasta. Mar seo a thosnaíonn:
‘Níl aithne agat orm, an dtuigeann tú?’ a dúirt Oksana. ‘Ní hé go raibh bior sa teine agam duit. Ach bhí a fhios agat go dtabharfainn cuairt ort. Nó duine de mo leithéid.’
Ba dheacair scéal a thosnaíonn mar sin a chaitheamh ar leathtaoibh, agus go deimhin bhaineas fíor-thaitneamh as ó thosach deireadh. Léirigh an t-údar go raibh cumas scríbhneoireachta faoi leith ann. Bhíos ag tnúth dá réir leis na ceithre cinn déag de ghearrscéalta atá sa leabhar seo.
Seo an chéad chnuasach ó Colin Ryan. Ní deirtear linn cé he féin, ná cárbh as dó. Ach mar thoradh ar roinnt tochailte ar an idirlíon, tuigim gur rugadh agus gur tógadh san Astráil é, agus gur san Astráil atá a mhuintir lonnaithe ó lár an 19ú haois anonn. Bí cinnte nach bhfuil aon locht le fáil ar a chuid Gaeilge ámh. A mhalairt atá léirithe aige sna scéalta seo uaidh. Agus seachas cumas ceapadóireachta nach beag a bheith sa bhfear, níl aon leisce air focail mhóra ghroí neamhchoitianta a úsáid anois is arís. A chonách sin air.
Roinnt tuisceana aige ar Fhraincis freisin. Tá scéal dar teideal ‘I bPáras’ istigh i lár baill agus abairt nó dhó i bhFraincis ann, ach muna bhfuil Fraincis ar a thoil ag an léitheoir is leor dó ar a mhó an comhthéacs chun ciall a bhaint as a bhfuil ann.
Ach cén tuiscint a bheadh ag údar Astráileach ar an saol i bPáras na Fraince? Nó ar thráth a raibh dúil ag an Fhrainc in impireacht dá cuid féin a bhunú, agus an tionchar a imríodh ar an Fhrainc féin dá bharr sin. Níorbh ionann an dearcadh in aon chor a bhí ag na Francaigh ar na críocha i gcéin faoina smacht agus dearcadh ár gcomharsan ionúin féin. B’é lámh láidir mian mhuintir na Breataine, ach comhpháirtíocht a bhí mar sprioc agus mar mhodh oibre ag na Francaigh. D’fhág san go bhfuil Arabaigh fós líonmhar a ndóthain ar an bhfód sa bhFrainc, agus iad mar chuid den saol ann. Agus sin cúlra an tsaothair. Smaointí seachas scéal lena bhfuil tosach, lár, agus deireadh, atá ann. Ach is leor é. Níl an insint ró-fhada. Tá sé spéisiúil. Ní dóigh liom go gcuirfidh sé déistin ar aon léitheoir.
‘Teachtaireacht’ atá mar theideal ar an leabhar, agus sin an teideal atá ar an ngearrscéal deireanach sa chnuasach. Scéal ón tseanaimsir é seo. Scéal ón drochshaol. Cursaí dian a ndóthain ar dhaoine. Ach coinne acu i gcónaí le feabhas a theacht ar a mbeatha. Deireadh le anró an tsaoil. Dúil ag chuile dhuine ina leithéid sin gan amhras. Scéal deas. Is fiú é a léamh.
Dáiríre, is fiú chuile scéal a sa chnuasach seo a léamh. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil aon cheann acu leadránach ná ró-fhada. An locht, b’fhéidir, ná go bhfuil corrcheann ró-ghairid. Níl ach míle focal nó gar dó i gcuid acu. Ach nach minic a bhíonn blas ar an mbeagán?
Is dóigh liom go mbainfidh léitheoirí taitneamh as an gcnuasach seo ó fhear na hAstráile.
Léirmheas le Brian Ó Dochartaí, Feasta Meitheamh 2016.