Léargas ar an mborradh atá faoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. – The Irish Times
Filíocht, amhráin, agallaimh bheirte, gearrscéalta, prós, míreanna as drámaí, sleachta as úrscéalta. Scothleabhar ina bhfuil sleachta le breis agus seasca údar, bailithe in aon iothlainn amháin as na leabhair agus ó na caiséid éagsúla a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta idir 1985 agus 1995. Tá blaiseadh den chuid is fearr den litríocht chomhaimseartha idir an dá chlúdach seo.