Ainm cleite ab ea Pádraig Uiséir a d’úsáid an tAthair Pádraig Mac Caomhánaigh (1922-85). Rud an-aisteach faoin leabhar seo is ea go bhfuair an t-údar bás i seomra folctha a bhí faoi ghlas, rud a tharla dá phríomhcharachtar in Seans Eile: ‘Lá san earrach a d’éirigh an séiplíneach mar ba ghnách agus thug faoi deara go raibh doras an tseomra folctha faoi ghlas ón taobh istigh. Bhí seomra an Chanónaigh ar oscailt agus an leaba folamh. Nuair a bhris sé isteach an doras, fuair sé an Canónach ina luí ar an urlár . . .’