Séadna

Eagrán nua, iomlán de mhórchlasaic liteartha na Gaeilge. Ar Ghearrliosta Ghraadam Uí Shúillebháin – Leabhar an Bliana 2011

16.00

Stoc ar fáil

,

Eagrán nua de mhórchlasaic liteartha na Gaeilge. Ainmníodh an leabhar seo ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2011. Tá réamhrá nua cuimsitheach ann mar aon leis an téacs iomlán, agus an saothar go léir curtha ar fáil in eagrán snasta deadheartha. Ina theannta sin, tá closleabhar ildioscaí fuaime ar fáil chomh maith mar tháirge ar leith, léiriú i bhfoirm eile ealaíne ar an ardsaothar bunaidh. Leagan nuashonraithe é seo den eagrán a d’fhoilsigh Carbad (1987).

Meáchan 500 g
Foilsithe

2011

Leathanaigh

334

Clúdach

bog, crua

Léirmheas in An Timire, Fómhar, 2013
Bhí Scéal Séadna mar théacs scoile ag cuid againn inár n-óige. Gearrinsint ar Séadna is ea é sin, a foilsíodh ar dtús in 1947. Seoid bheag litríochta ann féin é, ach níl ann ach an tríú cuid den bhunleabhar. Bhí Séadna féin as cló ar feadh na mblianta, go dtí gur chuir Liam Mac Mathúna eagrán nua de ar fáil in 1987. Athchló ar an eagrán seo atá sa leabhar maisiúil seo ó Cois Life.

In 1904 a foilsíodh Séadna ar dtús. B’é an chéad úrscéal sa Ghaeilge é (lasmuigh de lagiarracht ó Phádraig Ó Duinnín in 1901). Thaispeáin sé go bhféadfaí dea-phrós a bhunú ar theanga bheo na Gaeltachta; agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbéaloideas chun scéal nua-aimseartha a chumadh. Bhí se mar spreagadh ag scríbhneoirí óga go reann i bhfad ina dhiaidh sin.

Ní tábhacht stairiúil amháin atá le Séadna, dar ndóigh. Saothar cumasach is ea é, agus is fiú é a léamh fós. Scéal grinn atá ann go bunúsach. ach mar fhráma timpeall ar an magadh tá scéal mí-ámharach Shéadna féin. Díolann sé a anam leis an Diabhal ar sparán óir (téama idirnáisiúnta béaloidis). Éiríonn leis teacht slán as an gcruachás ar deireadh thiar, ar shlí éigin nach bhfuil soiléir ar fad.

Sa réamhrá tugann Liam cuntas mion ar stair an leabhair. Bhí a lán deacrachtaí ag an Athair Peadar é a fhoilsiú. Chuir sé cuid de i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, cuid de mar leabhar ann féin, agus an chuid deiridh i nuachtán seachtainiúil. B’í Norma Borthwick a bhailigh an t-iomlán le chéile in 1904. Is ar eagrán Miss Borthwick a bhunaigh Liam an t-eagrán seo. Léitheoireacht riachtanach é do gach mac léinn Gaeilge.