Pádraic Breathnach: Rogha Scéalta

15.00

Stoc ar fáil

 

Is fada aithne ar Phádraic Breathnach mar dhuine de ghearrscéalaithe móra na Gaeilge. Faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cuid den iliomad seod litríochta a tháinig óna pheann ó foilsíodh a chéad chnuasach, Bean Aonair & Scéalta Eile, sa bhliain 1974.

Dhá scór bliain, agus deich gcnuasach gearrscéalta ina dhiaidh sin, is mithid an chuid is fearr den fhíon a chur i mbuidéal nua d’fhonn gur féidir le léitheoirí, idir shean agus nua, blaiseadh, an athuair nó den chéad uair, de scoth na litríochta. Agus má éiríonn sé sa gcloigeann féin, cén dochar . . .  

Meáchan 250 g

Sa leabhar seo tá teacht ar seodra litríochta an Bhreathnaigh, ina measc na scéalta is fearr a scríobh sé ó foilsíodh a chéad chnuasach, Bean Aonair & Scéalta Eile, sa bhliain 1974.
Rogha Scéalta: Pádraic Breathnach
Brian Ó Conchubhair (ed).
BOOKS IRELAND, January/February 2015

Sa leabhar seo tá teacht ar chuid de na scéalta is fearr a scríobh Pádraic Breathnach ó foilsíodh a chéad chnuasach, Bean Aonair agus Scéalta Eile sa bhliain 1974.

Is fada aithne ar Phádraic Breathnach mar dhuine de ghearrscéalaithe móra na Gaeilge. Dhá scór bliain agus deich gcnuasach gearrscéalta ina dhiaidh sin, is mithid an chuid is fearr den fhíon a chur i mbuidéal nua d’fhonn gur féidir le léitheoirí, idir shean agus nua, blaiseadh, an athuair, de scoth na litríochta.

Tá neart duaiseanna bainte aige, ina measc lear mór in Oireachtas na Gaeilge. Díríonn sé ar dhaoine óga agus an timpeallacht ach go háirithe. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh, €15.
Leabhar na Seachtaine, Seachtain, Irish Independent, Feabhra 2016