Sladmhargadh!

Nuabhéarsaíocht

5.00

Stoc ar fáil

Deir an Tuamach sa Réamhrá: ‘Filíocht chathrach is mó a scríobhtar i bhformhór theangacha na hEorpa inniu, agus is mar sin a bheas, ní foláir, go ceann tamaill fhada eile. Dealraíonn sé cheana féin go bhfuil filíocht na Gaeilge ag druidim ar an mbealach céanna – go deimhin, ná fuil imeacht aici air. Cuireann sin strios mór ar fhile na Gaeilge, dar ndóigh, mar nach bhfuil an Ghaeilge ina teanga dúchais ag aon phobal ceart cathrach; i dtreo ná fuil freastal beacht déanta inti ar mhórán de na cortha aigne a ghabhann le saol cathrach, agus nár beathaíodh go fírinneach fós inti na mílte smaoineamh agus focal a bhaineann le tranglam meicniúil na haoise seo . . .’

Meáchan 250 g
Clúdach

crua