Bronnadh duais Oireachtais ar chúig cinn de na scéalta sa leabhar seo. Is fiú iad a léamh cé go raibh an cháil air mar úrscéalaí go raibh sé deacair le léamh. ‘Is deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint,’ an tuairim a nocht an Ríordánach ina cholún cáiliúil ar an Irish Times. Ach ní bhaineann an deacracht chéanna leis na scéalta seo.