Sliocht as alt le Ian Ó Caoimh: Is í Makaronik an fostaí sóisearach deiridh de chuid na hImpireachta atá fágtha ar spás-stáisiún coimeádta sonraí i bpaiste den spás ar a dtugtar Doire sa bhliain 2584. Nuair a thagann beirt oifigeach sinsearach ó Lár na hImpireachta chun a haonad a dhúnadh agus na sonraí ar fad a choimeádtar ann faoi na teangacha sin atá fós beo a chur ar neamhní, ionas go múchfar na teangacha sin, músclaítear féiniúlacht neamhspleáchais inti den chéad uair.
Cuireann sí i gcoinne na beirte, Diarmuid agus Gráinne, agus na hImpireachta a bhfuil siad ag gníomhú thar a ceann. Casann Makaronik blúirí de shean-amhráin dhátheangacha atá stóráilte i gcuimhne an aonaid, rud a chuireann alltacht ar lucht na hImpireachta ar dtús ach a mhúsclaíonn comhbhá amhrasach eatarthu agus a réitíonn an bealach do sheift chróga, fhrithúdaráis. Saothair a shuitear i bhfad ó bhaile nó i dtréimhse ama, an todhchaí go háirithe, is gnách gur chun léamh meafarach a dhéanamh ar dhálaí an bhaile agus an am i láthair é agus is amhlaidh don úrscéal gearr seo atá scríofa i nGaeilge neamhchasta. Bua amháin atá ag ‘Makaronik’ ná an casadh úr a bhaintear as an Amhrán Macarónach ann, genre nach n-athchúrsáiltear chomh minic céanna le cineálacha eile litríochta. Ach is é a phríomhbhua an athnuachan dhóchasach a dhéanann an t-ú∂ar ar cheann de thosca ginte na n-amhrán sin aniar as Éireann i ré an athraithe teanga: gur féidir le saibhreas na samhlaíochta dúchais an lámh in uachtar a fháil ar lucht cos ar bolg.
Leabhair na Bliana 2018, Comhar, Ian Ó Caoimh, Nollaig, 2018
Údar bisiúil as Doire é Dave Duggan a bhfuil leabhair, drámaíocht raidió, drámaí ardáin agus scripteanna scannáin scríofa aige. Tá cuid mhór duaiseanna buaite aige agus ainmníodh an scannán ‘Dance Lexie Dance’, a scríobh Duggan i measc na ngearrscannán is fearr ag na gradaim Oscar in 1998. Sa bhliain 2012, thug Dave script dá dhráma Makaronik don chompántas Aisling Ghéar, agus bhí rath nach beag ar an léiriú.
Anois tá leagan úrscéil den phlota todhchaíoch scríofa ag Dave, agus seoladh an leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.
Bhí Meon Eile ansin le labhairt leis an údar féin agus le Bríd Ó Gallchóir ó Aisling Ghéar.
https://www.meoneile.ie/cultur-agus-ealain/seoladh-makaronik-le-dave-duggan
MeonEile.ie, Sliocht as tuaiirsc le Pádraig Mac Oitir ó sheoladh ‘Makaronik’ i nDánlann Dillon, An Cheathrú Póilí, Béal Feirste.