Praghas Díolta na Nollag!

Máchail – Scéal Díoltais

11.01

Stoc ar fáil

‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ – An tOireachtas 2019

Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomanta go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athar. Scrios, cliseadh mearbhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.

 

Beireann an leabhar seo ar an léitheoir ón tús agus gluaiseann an reacaireacht le luas.  Tá an scéil féin an-tráthúil sna ceisteanna a dhúisítear     . . . tá an charachtaracht an-mhaith, go háirithe Johnny agus Dekó, agus tá súil ghéar ghrinn an scríbhneora le feiceáil go minic sna mionsionraí.   Tá an chríoch breá diamhair freisin. – Gearóid Denvir, Moltóir an Oireachtais

Meáchan 250 g