Más duairc, gruama an domhan a chuireann Daithí Ó Muirí os ár gcomhair uaireanta ina chuid scríbhneoireachta, é fuar, lom, folamh agus carachtair ag imeacht leo gan sprioc gan aidhm gan chiall gan reasún, ní fhágann sin nach bhfuil corrlasair le brath thall agus abhus sa dorchadas arb é an saol é. Is mithid dúinne, na léitheoirí, na lasracha sin a aithint.