Sladmhargadh!

Liam Ó Flaithearta – Rogha Scéalta

Liam Ó Flaithearta – Rogha Scéalta

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile.

Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí acu le chéile. Ceist eile ar fad í cén fáth gur i mBéarla a d’fhoilsigh sé formhór mór a shaothair in aon chor.

“Bhraith mé neart agus úire sna leaganacha seo. Na cinn a phléann le dúlra go háirithe, nó le caidreamh idir beirt – ceann acu sin lonnaithe i gCúba fadó! Tá na scéalta sin uilíoch agus lasmuigh den stair ar bhealach.” – Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa 

 

7.50

Stoc ar fáil

,

Ar lascaine 50% chun Féile na bhFlaithearta a cheiliúradh

A Chairde, tá an leabhar seo ar lascaine 50% ó 22 Lúnasa go 29 Lúnasa, 2023 chun Féile na bhFlaitheartach 2023 a cheiliúradh. Beidh an fhéile ar bun 26ú agus 27ú Lúnasa in Árainn.

 

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile.

Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí acu le chéile. Ceist eile ar fad í cén fáth gur i mBéarla a d’fhoilsigh sé formhór mór a shaothair in aon chor.

 

Ainneoin sin is uile, is mithid féachaint an athuair ar a shaothar trí shúile an Ghaeilgeora ,agus sa leabhar seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.

Meáchan 100 g