Sladmhargadh!

Laethanta Sona | Happy Days

Is leagan i nGaeilge den dráma ‘Happy Days’ le Samuel Beckett é ‘Laethanta Sona’ agus é aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile. Scéal faoin gcaidreamh daonna é Laethanta Sona, faoi mhian gach duine beo go gcloisfí é nó go mbeadh éisteoir amháin aige ar a laghad.

Drámadóir, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Samuel Beckett (1906–1989) a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a chaith formhór a shaoil i bPáras. Scríobh sé i mBéarla agus i bhFraincis. Stiúraigh sé drámaí freisin chomh maith le bheith ina aistritheoir. Tá cáil faoi leith ar a dhráma, Waiting for Godot. Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bronnadh an duais Nobel sa litríocht air sa mbliain 1969.

12.75

Stoc ar fáil

,

Laethanta Sona | Happy Days

Is dráma faoin gcaidreamh daonna é Laethanta Sona, faoi mhian gach duine beo go gcloisfí é nó go mbeadh éisteoir amháin aige ar a laghad.  Tá Winnie, an príomhcharachtar báite go básta agus i bhfostú i gcarnán cura cré agus gan aici ach mála ina bhfuil roinnt rudaí leis an am a chaitheamh di go dtiteann an oíche, é sin agus na focla is an gheabaireaht a tharraingíonn sí chuici chun iarracht a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena fear céile, Willie.  Chomh fada agus go bhfuil seans éigin ann, an seans is lú go gcloisfidh sé í nó go bhfeicfidh sé í déanfaidh sé lá sona chomh fada agus a bhaineann léise.

Drámadóir, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Samuel Beckett (1906–1989) a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a chaith formhór a shaoil i bPáras. Scríobh sé i mBéarla agus i bhFraincis. Stiúraigh sé drámaí freisin chomh maith le bheith ina aistritheoir. Tá cáil faoi leith ar a dhráma, Waiting for Godot. Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bronnadh an duais Nobel sa litríocht air sa mbliain 1969.

An t-aistritheoir:  Scríbhneoir aitheanta as Conamara é Micheál Ó Conghaile agus is é a bhunaigh Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985 agus chaith sé tríocha cúig bliain ina stiúrthóir ar an gcomhlacht.  Tá drámaí le Martin McDonagh agus Jimmy Murphy aistrithe aige chomh maith le Rogha Scéalta Liam Uí Fhlaithearta. Sa Teach seo Anocht an saothar ficsin is deireanaí uaidh agus d’fhoilsigh Arlen House dráma dá chuid cheana, The Connemara Five. Tá sé ina bhall d’Aosdána agus tá go leor duaiseanna bronnta air de bharr a shaothar liteartha.

Meáchan 100 g