Praghas Díolta na Nollag!

Ingne Dearga Dheaideo

6.00

Stoc ar fáil

Tá saibhreas canúna agus saibhreas Gaeilge san iarracht seo. Tá súil ghéar ag an údar agus is léir sin ar an mionchuntas a thugtar dúinn sna scéalta seo. Brian Ó Conchubhair

Cnuasach gearrscéalta ó Phádraic Breathnach, údar a bhfuil cáil an stílí air, agus údar a léiríonn bá ar leith leis an dúlra agus leis an óige ina chuid scríbhneoireachta. Bronnadh an phríomhdhuais do chnuasach gearrscéalta ar an saothar seo i gcomórtas litríochta an Oireachtais 2003.

Tá éagsúlacht ábhar in Ingne Dearga Dheaideo, mar is dual do chnuasaigh ón údar céanna. Sa chéad scéal, Anam Mná, caoineann máthair bás a céadghin, agus is maith mar a chuireann an t-údar síos ar an mbriseadh croí agus ar an díchreideamh a ghoilleann uirthi. Déanann Iníon cur síos ar oíche fhada a chaitheann athair ag fanacht go bhfillfidh a iníon óg ón dioscó. Beirt chailleach a speireann a chéile le clocha i gcath fíochmhar i Manhattan atá faoi chaibidil i M’Uncail Máirtín agus Cailleacha Mheiriceá. Ar na téamaí a chíortar sa chnuasach seo tá an chumha, an aois, an choimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus an saol mar a fheictear don pháiste é.

Breathnach is always a special pleasure to read for his clean, spare style, which can be poetic, supple, or moving as the moment requires. The Irish Times

Pádraic Breathnach is a writer renowned as a stylist, a nature lover and for his depiction of youth, and the seventeen stories in this collection will do much to reinforce his reputation as a talented wordsmith. This work was awarded the top prize for a short-story collection in the Oireachtas literary competition 2003.

Ingne Dearga Dheaideo has the variety that readers have come to expect of a Pádraic Breathnach collection of short stories. The opening story, Anam Mná, explores the plight of a mother mourning the loss of her first-born child, and brilliantly captures her devastation and disbelief at what has happened. Iníon describes a father’s anxious wait for the return of his wayward teenage daughter from a night out. M’Uncail Máirtín agus Cailleacha Mheiriceá is a wonderful, parable-like tale of two witches in Manhattan who engage in a fierce stone-throwing battle. The author explores a wide range of themes in this collection, including grief, old age, the eternal struggle between tradition and modernity and life through the eyes of a child.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 250 g