Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother

12.00

Stoc ar fáil

D’fhéadfadh gur sa 21ú haois atáimid – nó cuid againn – ach léiríonn cnuasach nua an Chinnéidigh gurb iad na nithe ársa amháin atá buan. Is iad na nithe atá chomh sean leis an gceo is óige ar fad. Tuigeann sí na foinsí, na mistéirí; maireann sí iontu agus tríothu. File nádúrtha amach is amach is ea Dairena.

Gabriel Rosenstock

Is as Corca Dhuibhne do Dhairena Ní Chinnéide agus is é seo an dara cnuasach filíochta aici. Tugadh ardmholadh do An Trodaí/The Warrior, a céad chnuasach, nuair a foilsíodh i 2006 é. Tugtar athchuairt ar chuid de na téamaí céanna sa dara cnuasach seo – grá an fhile dá ceantar dúchais agus a saol lena mac óg, mar shampla, agus cuirtear an carachtar An Trodaí inár láthair an athuair, leis. Tá téamaí nua ann chomh maith agus tionchar a cuid oibre i bParlaimint na hEorpa agus an taisteal a bhíonn i gceist leis sin le sonrú go láidir i saothar an fhile

Meáchan 250 g

Seans gur spéis leat...