‘Bíonn a shlí féin ag gach file is a chaint féin ag gach bard’ a deir siad agus déanta na fírinne is maith ó Chóil Learaí Ó Finneadha píosa a chumadh a d’fheilfeadh do chuile chineál ócáide.
Bunáite na ndánta atá sa leabhar seo is suite sa Lochán agus thart timpeall air, an ceantar as ar fáisceadh an file agus friotal an fhile, atá siad. Tá ainm gach loig, gach poill agus gach claise sa bhaile ar a thoil aige agus is maith ann an cnuasach seo chun iad a bhuanú i gcuimhne mhuintir an bhaile. Tá idir ghreann, stair, pholaitíocht, agus ar ndóigh agallaimh bheirte sa chnuasach agus cuireann filíocht agus feannadh an leabhair seo go mór le stóras litríochta Chois Fharraige agus Chonamara trí chéile.