Ag Greadadh Bás sa Reilig
Tá réamhrá achomair, beacht ag an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith ar shaothar de Paor. Deir sé faoin mbailiúchán seo: Is filíocht fhuinniúil, spleodrach í seo, filíocht inar léir tríd síos achmhainn éachtach an fhile geit a bhaint as an léitheoir le samhailteacha atá mealltach agus neamhghnách. Filíocht í seo a thugann orainn féachaint ar gach uile ghné den ghnáthshaol, dá shuaraí é, ar bhealach úrnua, úrnite. Filíocht í ina n-aimsímid meascán máistriúil den tocht agus den intlíocht, den mhacnas agus den mhacnamh, den ghreann agus den ísle bhrí.
Dóibh siúd nár léigh saothar de Paor roimhe seo, is féidir leo a bheith ag tnúth go mór le Ag Greadadh Bas sa Reilig – Clapping in the Cemetery. Dóibh siúd gur léigh, is féidir leo a bheith ag dúil le hathchuairt a thabhairt air.