Níl stoc ar fáil

Fear an tae

Dráma lonnaithe in ospidéal siciatrach.

10.00

Níl stoc ar fáil

Dráma lonnaithe in ospidéal síciatrach. Lán den intleacht, den ghreann agus den daonnacht is dual don Mhuirthileach.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

71

Foilsithe

1999

Books Ireland – Meán Fómhair 2000

Cé go bhfuil ceithre bliana ann ó léiríodh an dráma seo i dtosach maireann a chuimhne in intinn an phobail. Ospidéal siciatrach láthair an aicsin, agus scata carachtar ‘buile’ ina lúib. A scéal féin ag gach duine ach is é an ceangal atá eatarthu a ghineann an drámaíocht-agus an teannas le húdaráis an ospidéil. Meascán den ghreann dubh, den doircheacht féin agus den dóchas. Caint a shonann is a cheolann nuair is gá.


Dónall Ó Braonáin, Foinse – 19/12/1999

…Ní duairceas ar fad a chuirtear inár láthair toisc go bhfuil an greann agus an dáiríre ag tarraingt as lámha a chéile sa dráma. Tugann an saothar neamhghnách seo léargas ar shaol eile agus radharcanna ar dreach tíre inmheánach an duine.


Máirín Nic Eoin, Foinse – 22/08/1999

Is é an t-alcólachas an namhaid atá le treascairt ag an mbeirt charachtar is lárnaí sa dráma, Canavan agus Casey. Is dochtúir é Canavan chomh maith le bheith ina othar agus tugann a bhfuil le rá aige siúd léargas dochreidte cruinn dúinn ar dhéine na coimhlinte pearsanta atá le sárú ag an alcólaí agus go háirithe ar an gcaoi nach leor tuiscint intleachtúil a bheith ag duine ar an bhfadhb. …[T]ríd an gcomhrá nádúrtha agus tríd an ngníomhaíocht shochreidte éiríonn le Ó Muirthile an oiread eolais a thabhairt dúinn is a spreagfaidh ár bhfiosracht agus a chuirfidh ag machnamh sinn go ceann i bhfad.


Dónall Ó Gallchóir, Anois – 23-24/09/1995

Seo, go cinnte, an dráma is fearr i nGaeilge a chonaic mé le tamall fada. Tá doimhneas agus greann ann – neart ábhar smaoineamh, neart ábhair ghrinn. Tá a fhios againn gur file cumasach é Ó Muirthile; is dramadóir cumasach é freisin.

Seans gur spéis leat...